Séamas 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV Gur ó ċaṫ na hanntola sa nduine féin ḟásas a nuile ċóinntinne eidir é agus cáċ. 1 Cread as á néirġid cogṫa agus coṁruic eadruiḃ? a né naċ úaḋ so, eaḋon ó ḃur nanntoiluiḃ féin ḃíos ag caṫúġaḋ ann ḃur mballuiḃ? 2 Santuiġe siḃ ní, agus ní ḃíonn sé aguiḃ: ḃí sib hag marḃaḋ, agus ag iomṫnúṫuġaḋ, agus ní féidir liḃ ní ḟaġáil: do ní aguiḃ, do ḃríġ naċ íarrann siḃ. 3 Iárruiḋ siḃ, agus ní ġeiḃ siḃ, éinní, do ḃríġ go níarrṫaói go holc, ionnus go mbíaḋ siḃ ag caiṫeaṁ ré ḃur míangusaiḃ féin. 4 A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin. 5 An saóileann siḃ gur díoṁaóin a deir an sgriobtúir, Go mbi an spiorad ċoṁnuiġeas ionnuinn fonnṁar a dtnúṫ? 6 Giḋeaḋ do ḃeir úaḋa grása ní sa ṁó. Uime sin a deir sé, Cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ, aċd do ḃeir grása do núṁal. 7 Uime sin úṁluiġe siḃ féin do Ḋía. Cuiriḋ a naġuiḋ an díaḃal, agus teiṫfiḋ sé uáiḃ. 8 Druidiġ ré Día, agus druidfé sé riḃ. Glanuiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa; agus glanuiġ ḃur gcroíḋṫe, a luċd na dá intinne. 9 Fuilngiḋ anṡóġ, agus déunuiḋ caóiḋ, agus gul: iompoiġṫear ḃur ngáire a ndoilġeas, agus ḃur ngáirdeaċas a ndóbrón. 10 Islíġe siḃ féin a ḃfiadnuise an Tíġearna, agus áirdéoċa sé siḃ. 11 Ná láḃruiḋ go holc ar a ċéile, a ḋearḃráiṫre. An tí láḃrus go holc a ḋearḃráṫair, agus an tí ḋamnuiġeas a ḋearḃráṫair, láḃruiġ sé go holc ar an réaċd, agus damnuiġe sé an reaċd: agus má ḋamnuiġeann tú an reaċd, ní fear coiṁlíonta an réaċda ṫú, aċd breiṫeaṁ. 12 Atá áon ann do ḃeír reaċd úaḋa, agá ḃfuil cúṁaċda sáorṫa agus sgriosda: cía ṫusa ḋamnuiġeas neaċ eile? 13 Súd ċuige, siḃ a nois a ḋream a deir, Raċam a niúġ nó a máraċ ḋá saṁail so do ċaṫruiġ, agus do ḋéunam coṁnuiġe innte feaḋ blíaḋna, agus bíam ag reíc agus ag ceannaċ, agus ag faġáil eudála: 14 Agus fós gan a ḟios aguiḃ créd é ḃur ccor a máraċ. Oír créd lér cosṁuil ḃur mbeaṫa? Ré gal ḃíos ré ḟaicsin, ar feaḋ tamuill, agus na ḋiaiġ sin ṫéid air neiṁní. 15 Sa náit ar ċóir ḋíḃ a ráḋ, Do ṫoíl an Tíġearna, agus dá raḃum béo, ḋéunam so no súd. 16 Aċd a nois do ni siḃ morḋáil as ḃur núaḃar féin: is olc gaċd mórḋáil dá ṡaṁuil sin. 17 Uime sin an tí atá iúlṁar ar ṁaiṫ do ḋéunaṁ, agus naċ déun í, as peacaḋ ḋó é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society