Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 99 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XCIX. Fúagra úṁla do Ḋía ó gaċ duine, arson a neart, agus a ċeart le trócaire.

1 Ata an TIĠEARNA a rioġaċd; bíoḋ crioṫnuġaḋ air na poibleaċa: suiġe sé idir na ċerubíniḃ; corruiġeaḋ an talaṁ.

2 Atá an TIĠEARNA mór a Sion; agus is árd esion ós cionn na nuile ṗobal.

3 Molaidís hainm mór úaṫḃásaċ; oír is náoṁṫa é.

4 Agus is ionṁuin ré neart an ríġ breiṫeaṁnus; daingniḋ tú ceart, do ní tu breiṫeaṁnus agus ceart ann Iácob.

5 Arduiġiḋ an TIĠEARNA ar Ndía, agus déanaiḋ uṁla ag stól a ċos; óir is náoṁṫa é.

6 Maóise agus Aaron a measg a ṡagart, agus Samuel a measg na druinge ġoirios air a ainm; do ġoireadar air an TTIĠEARNA, agus do ċúala sé íad.

7 A bpiléur neóill do laḃair sé ríu: do ċongṁadar a ḟiaġnuiseaḋa, agus na reaċda ṫug sé ḋóiḃ,

8 O a ṪIĠEARNA ar Ndíane do ċúala tú íad: ad Ḋía ṁaiṫfeaċ do ḃí tú ḋóiḃsion, aċt ċeana ag déanaṁ dioġaltais air a naindliġṫiḃ.

9 Arduiġiḋ an TIĠEARNA ar Ndíane, agus déanuiḋ uṁla ċum a ċnuic naoṁṫa; óir is naoṁṫa an TIĠEARNA ar Ndíane.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ