Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 98 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XCVIII. Caismiorta na sduice roiṁe ṫeaċd Dé go breiṫeaṁnus.

1 Canuiḋ don TIĠEARNA caintic nuaḋ; óir do rinne sé neiṫe iongantaċa: do ṫárṫaiḋ a láiṁ ḋeas, agus a ríġ náoṁṫa féin.

2 Do ċuir an TIĠEARNA a ṡlánuġaḋ a nuṁail: a raḋarc an ccineaḋaċ dfoillsiġ sé a ḟíréuntaċd.

3 Do ċuiṁniġ sé a ṫrócaire agus a ḟírinne do ṫiġ Israel: do ċoncadar teoranna na talṁan uile slánuġaḋ ar Ndéne.

4 Déan fuáim lúaṫġáireaċ ċum an TIĠEARNA, a ṫaluiṁ uile: deán fuáim ṫaiġiúir, déan gáirdeaċus, agus cán salm.

5 Canuiġ ċum an TIĠEARNA ris an ccláirsiġ; ris an gcláirsiġ, agus re guṫ salm.

6 Re trumpaḋuiḃ agus re guṫ an ċornet déanaiḋ fuaim lúaṫġáireaċ ós ċoinne an TIĠEARNA, an Ríġ.

7 Déanaḋ an ṁuir mongair, agus a hiomláine; an sáoġal agus an dream ċoṁnuiġios ann.

8 Buáilidís na haiḃne a mbasa fa ċéile: déaindís na sléiḃte lúaṫġáire

9 Os coinne an TIĠEARNA; óir atá sé ag teaċd do ḃreiṫe air an ttalaṁ: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air an ttalaṁ ré fíréuntaċd, agus air na poibleaċaiḃ ré ceart.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ