Psailm 96 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XCVI. Atá Día ionġlóruġaḋ, do ċionn gur Hé ḃeir breaṫ ar ntsaoġail. 1 Canuiġ don TIĠEARNA caintic núaḋ: canuiġ don TIĠEARNA, a ṫalaṁ uile. 2 Canuiḋ don TIĠEARNA, beannuiġiḋ a ainm; foillsiġiḋ a ṡlánuġaḋ ó ló go ló. 3 Innsiġiḋ a measg na ngeinteaḋ a ġlóir, a ionganta a measg na nuile ṗoibleaċ. 4 Oír is mór an TIĠEARNA, agus is íonṁolta go hiomarcaċ: is ineagla é tair na huile ḋée. 5 Oír is ioḋail uile ḋée na ndaóine: aċt isé an TIĠEARNA do rinne na neaṁḋa. 6 Atá glóir agus daṫaṁlaċd ós a ċoinne: atá neart agus scéiṁ iona ṡanctóir. 7 Tuguiḋ don TIĠEARNA, a ċinéul na bpoibleaċ, tugaiḋ don TIĠEARNA glóir agus neart. 8 Tugaiḋ don TIĠEARNA glóir ḋá ainm: tugaiḋ ofráil, agus tagaiḋ a steaċ iona ċúirtiḃ. 9 Aḋraiḋ an TIĠEARNA a scéiṁ a náoṁṫaċda: bíoḋ eagla oruiḃ roiṁe, a ṫalaṁ uile. 10 Abraiḋe a measg na ngeinteaḋ, Atá an TIĠEARNA a rioġaċt: daingneoċar fós an doṁan go naċ ccorróċar é: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air na poibleaċaiḃ a ḃfíréuntaċd. 11 Déindís na flaiṫeaṁnuis gáirdeaċus, agus bíoḋ lúaṫġáire air an ttalaṁ; déanaḋ an ṁuir búireaḋ, agus gaċ a ḃfuil inte. 12 Lingioḋ an maġ le lúaṫġáire, agus a ḃfuil ann: annsin lúaṫġáirfid croinn na coilleaḋ 13 Os coinne an TIĠEARNA: oír atá sé ag teaċt, ag teaċt do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air an ttalaṁ: do ḃéara sé breiṫ air a tsaoġal a ḃfíréuntaċd, agus air na daóiniḃ iona ḟírinne féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society