Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 92 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XCII. Ni ionann do ṡoirḃeas luċt na heagcora, agus do ṡonus na bfirein.
Psalm, agus caintic do lá na saóire.

1 Is maiṫ adṁáil do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, agus sailm do ċanaḋ dot ainm, ó ṫusa is ro áirde:

2 Dfoillsiuġaḋ do ṫrócaire air maidin, agus ṫfírinne annsna hoiḋċiḃ;

3 Air aḋḃa ḋeiċ ttéad, agus air an tsalmċeolaċ; agus air an ccláirsiġ re guṫ árd.

4 Oír do rinne tú lúaṫġáireaċ mé, a ṪIĠEARNA, le hobairsi: do ḋéan gáirdeaċus a ngníoṁuiḃ do láṁ.

5 Cred é méad hoibreaċ, a ṪIĠEARNA! mar a nduḃaigéan atáid do smuaintiġe.

6 Ní haiṫne do ḋuine ḃrúideaṁuil; agus ní ṫuigionn amadán so.

7 A nuáir ḟásaid na ciontaiḋ mar an ḃféur, agus ḃláiṫiġid uile luċt oibriġṫe na hurċóide; is annsin scriostar íad go síorruiḋe:

8 Aċt atá tusa, as airde go bráṫ, a ṪIĠEARNA.

9 Oír, féuċ, do naiṁde, a ṪIĠEARNA, óir, féuċ, do naiṁde meiṫfid síad; spréiḋfior luċt oibriġṫe na hurċóide uile.

10 Agus áirdeoċṫar maḋarcsa mar unicorn: ungfuiġṫear mé ré hola úir.

11 Agus do ċífe mo ṡúil to ṁían air mo naiṁdiḃ, cluinfid mo ċlúasa na ciontuiġ éirġios am aḋuiġ.

12 Bláiṫfiġ an fíréun mar ċrann pailme: mar ċrann sédair a Lebanon fásfuiḋ sé.

13 An luċt ṗlannduiġṫear a ttiġ an TIĠEARNA, bláiṫfid siad a ccúirtiḃ ar Ndénne.

14 Do ḃéaraid fós toraḋ úaṫa a naóis léiṫ; méiṫ agus úr ḃéid síad;

15 Dfoillsiuġaḋ go ḃfuil mo ṪIĠEARNA, mo ċarraic ceart: agus naċ ḃfuil éaigceart ar biṫ ann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ