Psailm 88 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXXVIII. Urnaiġ ġearánaċ ṫruaġoín, ar tí éuga. Caintic no Psalm do ċloinn Córah, don ṗríṁḟear ceóil air Mahalat-Leannot, Psalm teagaisg Heman an Tesrahíteaċ. 1 A ṪIĠEARNA a Ḋé mo ṡlánuiġṫe, do ġoir mé do ló agus doiḋċe air haġaiḋ: 2 Tigeaḋ múrnaiġ dot laṫair: claón a nuas do ċlúas ċum méiġṁe; 3 Oír atá manam lionta lé holcaiḃ: agas atá mo ḃeaṫa ag tarruing a ngar difrionn. 4 Aíriġṫear mé maráon ris an luċt ṫéid síos annsa log: atáim mar ḋuine ann naċ ḃfuil neart ar biṫ: 5 Sáor a méasc na marḃ, mar na mairḃ atá na luiġe annsa nuáiḋ, air naċ ccuiṁniġionn tusa nísa ṁó: noċ do gearraḋ amaċ le do láiṁse. 6 Do ċuiris mé annsa log íoċdaraċ, a ndorċadus, annsna háitiḃ doiṁne. 7 Is orumsa ċoṁnuiġeas do ḋíḃḟearg, agus do ḃuáiḋris mé red uile ṫonnuiḃ. Selah. 8 Do áṫraiḋ tú a ḃfad uáim mo luċd cumuinn; do rinnis am úaṫḃás dóiḃ mé: atáim ar míaḋaġ a stiġ, agus ní ḟéadam teaċd amaċ. 9 Do ní mo ṡúil doilġios cionnus ataim buáiḋearṫa: do ġoirios ortsa a ṪIĠEARNA, ar feaḋ an laói, do ṡíneas amaċ mo láṁa ċugad. 10 A ndéana tú do na marḃuiḃ iongnaḋ? a néireoċuiḋ an drong fuáir bás dot ṁolaḋ? Selah. 11 An ḃfoillseoċṫar do ṫrócaire san nuáiḋ? ṫfírinne a ndíoṫláiṫriuġaḋ? 12 A naiṫeontar hobair iongantaċ annsa dorċadas? ṫfíréantaċd a dtalaṁ an dearmaid? 13 Aċt ċuġadsa do ġoireas, a ṪIĠEARNA; tiucfa murnaiġ ar maidin ós do ċoinne. 14 A ṪIĠEARNA, cred fa tteilgir seaċad manam? cred fa ḃfolċann tú haġaiḋ orum? 15 Duine boċt troirṫliġe misi óm óige: fuilingim húaṫḃássa atáim air mo ḃuáiḋreaḋ. 16 Do ċuáiḋ ṫfearg aiḋṁéil ṫorum; do ġearradar húaṫḃáis amaċ mé. 17 Do ġaḃadar am ṫimċioll aṁuil uisge ar feaḋ an laói; ṫangadar go croinn a néinḟeaċd am ṫimċioll. 18 Do áṫruiġ tú a ḃfad uáim fear gráḋa, agus cara agus an luċt dar ḃaiṫne mé a ndorċadas. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society