Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 87 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXXVII. Glóir Ṡíoin, nó eagluise Dé.
Psalm no Caintic do ċloinn Córah.

1 A ḃunait féin annsna sléiḃtiḃ naoṁṫa.

2 Is ionṁuin leis an TIĠEARNA geataḋa Sion ós cionn ionad suiġe Iácob uile.

3 Is glórṁar na neiṫe laḃarṫar ortsa, a ċaṫair Dé. Selah.

4 Laiḃeorad air Rahab, agus air Ḃabilón ris an luċd dar baiṫne mé: dearc Palestína, agus Tírus, maille ris a Netiópia; annsin do rugaḋ an fearso.

5 Agus a ttáoḃ Ṡion a déarṫár, Do rugaḋ an fearso agus an fear úd innte: agus an té is ro áirde, daingneoċa sé í.

6 Coṁáirfiġ an TIĠEARNA, an tan scríoḃṫus sé na poibleaċa, Do rugaḋ an fearsa annsin. Selah.

7 Na caintáiriġe air aon agus an luċd seanma: biaiḋ mó uile ṫoibreaċa ionnadsa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ