Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 85 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXXV. Ag iarraiḋ réiḋte, ata sé ag feiṫeaṁ ar ḟocal Dé, agus iomḋa beannaċdaḋ ré linn.
Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm do ṁacaíḃ Córah.

1 A ṪIĠEARNA, do ḃí tú faḃarṫaċ dot ḋúṫaiġ: ṫug tú ar ais braiġdionas Iácob.

2 Do ṁaiṫ tú eaccoirṫe do ṗobail, dfoluiġ tú a bpeacaḋ uile. Selah.

3 Do ṫarruing tú leaċd do ḋíḃḟearg uile: dfillis ó ṫeas ṫfeirge.

4 Iompóiġ sinn, a Ḋé ar ṡlánuiġṫe, agus coisg ṫfearg ar naġaiḋ.

5 An mbía tú feargaċ go bráṫ rinn? an mbía ṫfearg ar congṁáil ó ġinealaċ go ginealaċ?

6 Naċ ndéanair sinne ḃéoġuḋ a rís: ionnus go ndéunaid do ḋaoine lúaṫġáire ionnad?

7 Taisbéin do ṫrócaire ḋúinn, a ṪIĠEARNA, agus taḃair do ṡlánuġaḋ ḋúinn.

8 Cluinfiod cred e déaras Día an TIĠEARNA: óir laiḃeoruiḋ sé síoṫċáin ré na ḋaóiniḃ, agus ré na náoṁuiḃ: iondus naċ ḃfillfid a rís ċum éigcríonaċd.

9 Atá a ṡlánuġaḋ go deiṁin a ngar don luċt air a ḃfuil a eagla; go náitriġioḋ glóir ann ar ndúiṫċe.

10 Tárla trocaire agus fírinne ré ċéilé; do ṗógadar a nfíréantaċt agus an tsíoṫċáin ar oile.

11 Fásaiġ fírinne as an ttalaṁ, agus féuċuiḋ a nfíréantaċd a nuas ó neaṁ.

12 Do ḃéura an TIĠEARNA mar an ccéadna maiṫ; agus do ḃéara ar ḃfearann a ṫoraḋ.

13 Raċaiḋ ceart ós coinne a aiġṫe; agus cuirfiḋ sinne a sliġe a ċoíscéime.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ