Psailm 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm VIII. Soċar Dé do ḋuine. Don ṗríṁḟear ceóil air Ġittit Psalm Ḋáiḃi. 1 O A ṪIĠEARNA ar Ttiġearna, cred é a oirḋearca atá hainm annsa talaṁ uile! da ḃfoillsiġeann tú do ġlóir ós cionn na ḃflaiṫeas. 2 As béul na naóiḋean agus leanaḃ na ccíoċ dórduiġis neart do ḃríġ do naiṁde, ċor go ccoisgféa an náṁuid agus an dióġaltóir. 3 A nuáir ṁeasuim do ḟlaiṫis, obair do ṁéur, an ré agus na réulta, noċ do órduiġis; 4 Cred é an duine, as a ḃfuil tú cuiṁneaċ air? agus mac an duine, as a ḃfiosruiġionn tú é? 5 Oír do rinne tú é beagan nios ísle ná na haingil, agus do ċoróiniġis é le glóir agus le honóir. 6 Do ċuir tú é ós cionn oibreaċ do láṁ; do ċuiris a nuile ní fá na ċosuiḃ: 7 Na cáoiriġ uile, agus na doiṁ, fós, agus beaṫuiġ an ṁaċaire; 8 Eúnluiṫ a naiéir, agus íasg na fairge, agus giḋ bé ar biṫ ġaḃus tre ċasánuiḃ na ḃfairgeaḋ. 9 O a ṪIĠEARNA ar Ttiġearna, cred é a oirḋearceaḋ atá hainim annsa talaṁ uile! |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society