Psailm 75 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXV. O Ḋía atá breiṫeaṁnas ceart, noċ ṫógḃas fear, agus leagfas síos fear oile. Don ṗríṁḟear ceóil, Ná mill, psalm agus caintic Asaṗ. 1 Do ḃeirmíd buiḋeaċus duit, a Ḋé, do ḃeirmíd buiḋeaċus duit: óir foillsiġid do ṁíorḃuile go ḃfuil hainm a ḃfogus. 2 A nuáir ġéaḃad an coṁṫionól ċugam do ḋéanad breiṫeaṁnus go díreaċ. 3 Atá an talaṁ agus a nuile áitreaḃas ann ar na scaoileaḋ: daingneoċadsa a ṗostaḋa. Selah. 4 A deirim ris ha hamadánuiḃ, Ná déanuiḋ leiṁe: agus leis na cionntaċaiḃ, Ná tógḃaiḋ súas a naḋarc: 5 Ná tógḃaiḋ súas a naḋarc go ro árd: ná laḃruiḋ re muinéul cruáiḋ. 6 Oír ní ó náird a noir, nó a níar, nó ó ḋeas atá árduġaḋ. 7 Aċt Día an breiṫeaṁ: uṁluiġ sé an fearso, agus árduiġ sé an fear oile. 8 Oír atá cupán a láiṁ an TIĠEARNA, agus atá an fíon dearg; lán do ċumasc; agus dóirtiġ sé as amaċ: a ḋeasgaiḋ sin aṁáin, ḟáisgfid uile ṗeacaiḋ na talṁan, agus iḃid. 9 Aċt foillseoċuiḋ misi a ṫrócaire go bráṫ; canfad sailm do Ḋía Iácob. 10 Agus brisfiod aḋarca na cciontaċ uile; áirdeoċṫar aḋarca an duine ḟíréunta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society