Psailm 73 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXXIII. Fiafrúġaḋ um ḟás agus ċríonaḋ ḋroċḋaóine. Psalm Asaṗ. 1 Is maiṫ Día fós do Israel, do nfíorġlan a ccroiḋe. 2 Aċt misi, is beag nar sciorr mo ċosa; is beag nar ṡleaṁnuiġ mo ċoiscéime uáim. 3 Oír do ṫnúṫaiġ mé rís na hamadanuiḃ, mar do ċonnairc mé síoṫċáin na gciontaċ. 4 Oír ní ḃfuil cuiḃriġṫe iona mbás: agus atá a neart cliste. 5 Ní ḃfuilid a sáoṫar na ndaóine; agus ní píantar íad mar ḋaóine oile. 6 Ar a naḋḃarsin timċiolluiġ an túaḃar íad mar slaḃraḋ: folċuiḋ an foiréiġon íad mar ċúlaiḋ. 7 Téid a súile amaċ le méuṫus: sáruiġid smuáintiġṫe a ccroiḋe. 8 Truáilliġid, agus laḃruid sáruġaḋ le hurċóid: laḃruid go hárd. 9 Cuirid a mbéul a naġaiḋ na neaṁ, agus siuḃluiġ a tteanga ṫríd an ttalaṁ. 10 Ar a náḋḃarsin fillid a ḋaoine annso: agus fáisgṫior ċuca amaċ uisgeaḋa ċupáin líonta. 11 Agus a deirid, Cionnus is aiṫne do Ḋía? agus an ḃfuil éolus annsa té is ro áirde? 12 Feuċ, is íadso na cionntuiġ, agus na daoine a suáiṁneas an tsáoġáil; tigid ċum saiḋḃris. 13 Go deiṁin is a ndíoṁaoineas do sgagas mo ċroiḋe, agus do niġios mo láṁa a neiṁċionntaiḃ. 14 Agus do ḃí mé air mo ṗíanaḋ air feaḋ an laói, agus air maidin do ḃí mo aċṁusan. 15 Má deirim, Laiḃeorad marso; féuċ, do ḋéana mé éagcóir air ġinealaċ do ċloinnesi. 16 Agus do ṁeas mé a ḟios so do ḃeiṫ agam, aċt bá sáoṫar ann mo ṡúiliḃ sin; 17 Nó go ndeaċaiḋ mé a sanctoruiḃ Dé; gur ṫuig mé a ndeireaḋsin. 18 Go deiṁin suiġe tú íad a náitiḃ sleaṁna, teilge tú síos íad a nuáigneasuiḃ. 19 Ciondus tugṫar ċum neiṁni mar buḋ a móiment íad! meaṫar íad ré húaṫḃásaiḃ ṫrid amaċ. 20 Mar aisling tar éis duine do ṁúsclaḋ; mar sin, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṁúisceolus tusa, do ḋéanair a níoṁáiġ do ṫarcuisniuġaḋ. 21 Marso do ḃí mo ċroiḋe ro ḃuáiḋearṫa, agus ann mo ḋuḃánuiḃ do gonaḋ mé. 22 Agus do ḃí mé brúideaṁuil, agus ní raiḃ a ḟios agam: mar na hainṁíntiḋ do ḃí mé agadsa. 23 Giḋeaḋ do ḃí mé do ġnáṫ agadsa: do rug tú air mo láiṁ ḋeis. 24 Tréoroċuiḋ tú mé réd ċoṁairle, agus na ḋiáiġsin géuḃa tú ċugad a nglóir mé. 25 Cía atá ágam a ḃflaiṫeaṁnus? agus cosṁuil riotsa ní ḃfuil solus agam ar talaṁ. 26 Do ċuáiḋ mfeóil agus mo ċroiḋe a laige: isé Día neart mo ċroiḋe, agus mo ċuid ronna go bráṫ. 27 Oír, féuċ, an luċt ṫéid a ḃfad uáit meiṫfid síad: scriosfair gaċ áon dá ttéid ré stríopaċus uáit. 28 Aċt ís maiṫ ḋaṁsa druidean ré Día: atá mo ḋóiġ annsa TTIĠEARNA Día, go ḃfoillsiġe mé hoibreaċa uile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society