Psailm 70 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LXX. Guiḋe fá naiṁde a anam do ċlaói. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi, do ċur a ccuiṁne. 1 A Ḋe, dom ṡáoraḋ; a ṪIĠEARNA, dom ċaḃair déan deiṫfir. 2 Bíoḋ náire orra agus bídís cláoiḋte, noċ íarrus manam: filltior air a nais, agus náiriġṫear, an luċt íarrus mo ḋioġḃáil. 3 Filltior air a nais, íad do luaiḋeaċt a náire noċ a deir, Aha, aha. 4 Bídís lúaṫġáireaċ agus gáirdeaċ íonnadsa gaċ áon íarrus ṫusa: agus abraidís a ccóṁnuiḋe gaċ a ngráḋuiġeann do ṡlánuġaḋ, Go móruiġear Día. 5 Aċt atáimsi boċt uireasḃaċ: a Ḋé, déan deiṫfir ċugam: is tusa mfear caḃarṫa agus sáorṫa; a ṪIĠEARNA, ná déan moill. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society