Psailm 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm VII. Do ṫeiṫ Daiḃi rí ó naṁdiḃ a anma, go Día. Siggaion Ḋáiḃi, noċ do ṡeinn sé don TIĠEARNA , a ttaóḃ ḃríaṫar Ċus an Beniamíteaċ. 1 O a ṪIĠEARNA Día, ionnadsa ċuirim mo ḋóiġ: tárṫuiġ mé ó nuile noċ ġérleanas mé, agus sáor mé: 2 Deagla go réubfeaḋ se manam aṁuil leoṁan, ḋá strócaḋ a ccodċuiḃ, a nuáir naċ ḃfuil éinneaċ ann do ainicfeaḋ. 3 O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, má rinne mé so; má atá éacceart ann mo láṁuiḃ; 4 Má ċuitiġ mé olc ris an té do ḃí a síoṫċáin riom; (fós, do ainic mé an té noċ atá na náṁuid ḋaṁ gan ċúis:) 5 Déanaḋ mo náṁaid gérleanṁuin air manam, agus gaḃaḋ sé é; fós, saltraḋ sé síos mo ḃeaṫa air an ttalaṁ, agus léigeaḋ sé monóir san luáiṫreaḋ. Selah. 6 Eíriġ, a ṪIĠEARNA, an ṫfeirg, tóg súas ṫú féin tre anḃuirbe mo naiṁdesi: agus múscuil ar mo ṡonsa ċum an ḃreiṫeaṁnuis noċ do ḟúagruis. 7 Mar sin cruinneoċuid coiṁṫionól na ndaoine ad ṫimċioll: air a sonsan uimesin fillsi air árd. 8 Béaruiḋ an TIĠEARNA breiṫeaṁnus air an bpobal: breaṫnuiġ misi, ó a ṪIĠEARNA, do reir mfiréantaċda, agus do réir mo ḋíoġruisi noċ atá ionnam. 9 O críoċnuiġeaḋ olc na cciontaċ; aċt daingniġ an duine ceart: óir dearḃuiḋ an Día fíréanta na croiḋṫe agus na duḃáin. 10 Is o Ḋía atá mo ċosnaṁ, noċ ṡáoras an díreaċ a ccroiḋe. 11 Do ní Día breiṫeaṁnus air an ḃfíréun, agus bí Día feargaċ ris an cciontaċ gaċ éanlá. 12 Muna ḃfilliḋ sé, cuirfe sé fáoḃair air a ċloiḋeaṁ; do lúb sé a ḃoḋa, agus do rinne sé ullaṁ é. 13 Do ġléus sé ḋó mar an ccéadna oirnéis an ḃáis; dórduiġ sé a ṡaiġeada a naġaiḋ na ninġreamaċ. 14 Féuċ, bíḋ sé torraċ le héicceart, agus do ġaḃ sé urċóid, agus do rug sé neiṁḟírinne. 15 Do rinne sé clais, agus do ṫoċuil sé í, agus atá ar ttuitim annsa ṗoll noċ do rinne sé féin. 16 Fillfiḋ a urċóid air a ċeann féin, agus tiocfuiḋ a ḟoiréigion náṁadaċ a núas air a ḃaiṫis féin. 17 Molfad an TIĠEARNA do réir a ḟíréantaċda: agus cánfad molaḋ dainm an TIĠEARNA is ro áirde. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society