Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 65 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXV. Ata Daiḃi ag molaḋ an TIĠEARNA , arson méud a ṡolaṫar do ḋaóiniḃ.
Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm nó caintic Ḋáiḃi.

1 A Ḋe, is duitse is dúal molaḋ, a Síon: agus is riotsa díolfar an ṁóid.

2 Ṫusa noċ éisdeas re húrnaiġ, ċugadsa ṫiucfas a nuile ḟeóil.

3 Do rugadar neiṫe éaigceart buáiḋ am aġaiḋ: sgagfa tusa, ar saruiġṫe.

4 Is beannuiġe an té ṫoġas tú, agus do ḃeirir a ngar, do ḋéana sé coṁnuiġe ann do ċuirtiḃ: saiseoċṫar sinne re neiṫiḃ maiṫe do ṫiġe, do ṫeampuill náoṁṫa.

5 Re neiṫiḃ úaṫḃásaċa ḟregeoras tú sinn a ḃfíréantaċd, a Ḋé ar slánaiġṫe; dóṫċus uile ṫeóranna na talṁan, agus na fairge noċ atá a ḃfad úainn:

6 Noċ ḋiongṁalas na sléiḃte re na neart; agus é ar na ṫimċiolluġaḋ ré cuṁaċta:

7 Noċ ṡuáiṁuiġios fuáim na fairge, fuáim a ttonn, agus coṁmbuaiḋreaḋ na ndaóine.

8 Agus an luċt áitreaḃus annsna teórannuiḃ is faide úaid biáiḋ eagla red ċoṁarṫaḋuiḃ orra: do ḃéarair air ḋul amaċ na maidne agus an traṫnóna lúaṫġáir do ḋéanaṁ.

9 Ṫig tú dféuċuin na talṁan, agus fliuċa tú é: cuirfir a saiḋḃrios go mór é re haḃuinn Dé, lán duisgeaḋuiḃ: ullṁuiġiḋ tú ḋóiḃ arḃar, a nuáir ṡoláṫrus tú é.

10 Cuire tú uisge air a iomairiġiḃ go líonṁar: suiġe tú a eitriġeaċ: do ḋéanair bog é ré ceaṫaiḃ: beinneoċair a ṁáoṫain.

11 Cuiríḋ tú coróin ar an mblíaḋain red ṁaiṫ; agus silfid do ċasain méuṫus.

12 Silfid ar inḃior a nfásuiġ: agus béid na cnoic lúaṫġaireaċ fa ccuairt.

13 Atáid na hinḃir éaduiġṫe re tréaduiḃ; agus na gleanta a ḃfolaċ ré harḃar; béicid lé lúaṫġáir, agus fós canuid.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ