Psailm 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm VI. An ċéud Psalm aiṫriġe. Don ṗríṁḟear ceóil air Neginot air Ṡeminit, Psalm Ḋáiḃi. 1 O a ṪIĠEARNA, ná himḋearg mé ann ṫfeirg, agus ná smaċduiġ mé ann do ṁíoṫaitneaṁ. 2 Déan trócaire orum, ó a ṪIĠEARNA; óir atáim lag: a ṪIĠEARNA, leiġis mé; óir atáid mo ċnáṁa buáiḋearṫa. 3 Atá manam mar an ccéadna buáiḋearṫa go mór: aċt ṫusa, a ṪIĠEARNA, cá fad? 4 Iompóiġ, a ṪIĠEARNA, fúasguil manam: ó sáor mé ar son do ṫrócaire. 5 Óir san mbás ní ḃfuil éanċuiṁne ort: annsa nuáiġ cía ḃéuras buiḋeaċus duit? 6 Atáim tuirseaċ lem ċneaduiġ; air feaḋ na hoiḋċe cuirim mo leaba ar snáṁ; fliuċuim miomḋuiġ lem ḋéaruiḃ. 7 Do milleaḋ mó ṡúil le duḃaċus; fásuiḋ seanda do ḃríġ mo uile naiṁde. 8 Imṫiġiḋ uáim, siḃsi a uile luċd déanta na néagcóra; óir do ċúaluiḋ an TIĠEARNA guṫ mo éiġṁe. 9 Do ċúaluiḋ an TIĠEARNA mo ġearán; géuḃuiḋ an ṪIĠEARNA rem urnaiġ. 10 Bídís mo naiṁde uile náireaċ agus ro ḃuáiḋearṫa: fillidís agus bídís náireaċ go hobann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society