Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 57 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LVII. Dáiḃi a measc ḋaoine discir, do rinne sé urnaiġe re Día.
Don ṗríṁḟear ceóil, Al-tasċit, Psalm órḋa Ḋáiḃi, a nuáir do ṫeiṫ ó laṫair Ṡauil a steaċ san núaṁuiġ.

1 Bi trócaireaċ ḋaṁ, a Ḋé, bí trócaireaċ ḋaṁ: óir is ionnadsa atá dóiġ manma: agus a scáile do sciaṫán ḃías mo ḋóiġ, nó go ndeaċaiḋ na huilcsi ṫorum.

2 Eíġfe mé ċum Dé is ro áirde; ċum an Dé noċ ċoiṁlíonus a nuile ní ḋaṁsa.

3 Cuirfiḋ sé ó flaiṫeaṁnus, agus sáorfa sé mé, do ḃeir scannail don té noċ do ṡloigfeaḋ súas mé. Selah. Cuírfiḋ Día a ṫrócaire agus a ḟírinne ċugam.

4 Atá manam a measg leoṁan: luiġim a measc druinge atá re ṫeiniḋ, eaḋon clann na ndaoine, dar ġáeṫe agus soiġde a ḃfíacla, agus gur cloiḋṁṫe géara a tteangṫa.

5 Bi ar hárduġaḋ, ós cionn na ḃflaiṫeaṁnus, a Ḋé; do ġlóir ós an ttalaṁ uile.

6 Dullṁuiġeadar líon a ccoinne mo ċoiscéimiġ; do ċláon manam síos: do ṫoċladar log roṁam, do ṫuiteadar féin iona ṁeaḋón. Selah.

7 Atá mo ċroiḋe ullaṁ, a Ḋé, atá mo ċroiḋe ullaṁ: canfad agus do ḋéanad molaḋ.

8 Músgail súos, ó mo ġlóir; dúisiġe a ṡaltraċa agus a ċláirseaċa: múisgeola mé air maidin.

9 Molfad ṫú, a measc na ndaoine, a ṪIĠEARNA: canfad duit a measg na gcineaḋaċ.

10 Oír is mór do ṫrócaire go nuige na neaṁa, agus ṫfírinne go nuige na néulla.

11 Bí ar hárduġaḋ, ós cíonn na bflaiṫeas, a Ḋé: do ġlóir ós cionn na talṁan uile.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ