Psailm 54 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LIV. Is ullaṁ furtaċt ó Ḋía do nḟirein iona aṁgar. Don ṗríṁḟear ceóil air Neginot, Psalm teagaisg Ḋáiḃi, a nuáir ṫangadar na Siṗimiġ agus a duḃradar ré Saul, naċ ḃfuil Dáiḃi ḋa ḟolaċ féin ar ḃfoċairne? 1 O a Ḋé, sáor mé, led ainm, agus led neart beir breiṫeaṁnus orum. 2 O a Ḋé, éist mo ġuiḋe; taḃair éisteaċd do ḃríaṫruiḃ mo ḃéil. 3 Oír déirġiodar coigcríċe súas am aġaiḋ, agus íarruid luċd sáruiġṫe manam: níor ċuireadar Día ós a ccoinne. Selah. 4 Féuċ, ísé Día mfear caḃarṫa: atá an TIĠEARNA ris an luċd ċoṫuiġios manam. 5 Cúiteoċuiḋ sé olc ris a ndroing ḃíos ag forḟaire orum: scrios uáit íad ann ṫfírinne. 6 Do ḋéana mé íoḋbairt duit go toileaṁuil: molfad hainm, a TIĠEARNA; óir is maiṫ é. 7 Oír do ṡáor sé mé óm uile ḃuaiḋreaḋ: agus do ċonnairc mo ṡúil ar mo naiṁde. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society