Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 53 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LIII. An Duine do ċuir cúl re Día ṫríd amaċ, ní ḃfuil sé saor ó eagla.
Don ṗríṁḟear ceóil ar Mahalat, Psalm teagaisg Ḋáiḃi.

1 A duḃairt an tamadán iona ċroiḋe, Ní ḃfuil Día ann. Truáilliġ atáid síad, do níd éaigceart aḋuaṫṁar: ní ḃfuil áonduine do ní maiṫ.

2 Dféuċ Día ó neaṁ ar ċloinn Aḋaiṁ, dféaċuin an raiḃ aon do ṫuicfeaḋ, nó díarrfaḋ Día.

3 Do ċuáiḋ gaċ áon ar ccúl: atáid a néinḟeaċd truáilliġ; ní ḃfuil áonduine do ní maiṫ, ní ḃfuil, fós áonduine.

4 A ḃfuil luċd oibriġṫe urċóide gan éolus? noċ iṫeas mo ḋaóine mar iṫid aran: agus ní ġoirid air an Ndía.

5 Ann sin do ḃí eagla orra le húaṁan, mar naċ raiḃ eagla: óir do spréiḋ Día a ċnáṁasan noċ do rinne campa ad aġaiḋsi: do náiriġ tú íad, do ḃríġ gur ḋíult Día íad.

6 O dá ttugṫaói slánuġaḋ Israel amaċ as Sion! A nuáir iompoċus Día braiġdeanas a ḋaóine, do ḋéana Iácob lúaṫġáir, agus Israel gáirdeaċus.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ