Psailm 52 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm LII. Tairrgir ar ḋeireaḋ an droċ ċúirteóir. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm teagaisg Ḋáiḃi: a nuáir ṫáinic Doeg an Tedomíteaċ, agus dinnis do Ṡaul, agus a duḃairt ris, ṫáinig Dáiḃi go tiġ Ahimeleċ. 1 Cred fá ndéan tú uáill a nolc, a ḋuine ċuṁaċduiġ? mairiġ maiṫeas Dé ar feaḋ an laói. 2 Tionnsgnuiḋ do ṫeanga urċóid; aṁuil gérscían ḃéarrṫa, ag oibriuġaḋ go cealgaċ. 3 Gráḋuiġ tú olc tair an maiṫ; bréaga ós cionn laḃairt go fíréunta. Selah. 4 Is ionṁuin leaċd gaċ uile ḃríaṫra urċóideaċa, O a ṫeangaiḋ ṁillteaċ. 5 Mar an ccéadna scriosfuiḋ Día ṫú go braṫ, agus béaruiḋ seaċad ṫú, agus tarrongfuiḋ ṫú as do ṗáilliún, agus beanfaiḋ do ḟréuṁa as talaṁ na mbéo. Selah. 6 Do ċífiḋ an fíréun mar an ccéadna, agus biaiḋ eagla air, agus do ḋéana gáire fáoi: 7 Dearc, an nduine naċ déarna a neart do Ḋía; aċt do ċuir a ḋóiġ iona iomad saiḋḃris, agus do neartuiġ é féin iona ċionntaiḃ. 8 Aċt misi mar ċrann ġlas oiliḃ a ttiġ Dé: atá mo ḋóiġ a ttrócaire Dé go sáoġal na sáoġal. 9 Molfad ṫú go síorruiḋe, do ḃríġ go ndéarna tú sin: agus feiṫṁe mé ar hainm; óir is maiṫ é ós coinne do náoṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society