Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm V. Guiḋe anaġaiḋ naiṁde na córa.
Don ṗríṁḟear ceóil air Nehilot, Psalm Ḋáiḃi.

1 Taḃair clúas dom ḃríaṫruiḃ, ó a ṪIĠEARNA, meas mo smúaintiġe.

2 Eíst ré guṫ mo éiġṁe, ó mo Ríġ, agus mo Ḋía: óir is ċugadsa ġuiḋfeas mé.

3 Cluinfir mo ġuṫ air maidin, ó a ṪIĠEARNA; air maidin díreoċaiḋ mé múrnaiġ ċugad, agus féuċfad súas.

4 Oir ní Día ṫú agá ḃfuil dúil a nurċoid: ní mó ċoiṁneoċus olc maílle riot.

5 Ní ṡeasfaid na hamadáin ann do raḋarc: súaṫuiġionn tú a nuile luċd déanta na héagcóra.

6 Scriosta tú an luċd do laḃrus bréug: biáiḋ fúaṫ ag an TTIĠEARNA air a nduine ḟuilteaċ agus ṁeaḃlaċ.

7 Aċt air mo ṡonsa, tiocfa mé a steaċ ann do ṫiġ a niomadaṁlaċd do ṫrócaire: agus ann heagla do ḋéaġ aḋraḋ go nuige do ṫeampall náoṁṫa.

8 Treoruiḋ mé, ó a ṪIĠEARNA, ann ṫfíréantaċd, do ḃríġ mo naiṁde; déan do ṡliġe díreaċ am ḟiaġnuisi.

9 Oír ní ḃfuil dísleaċd iona mbéul; is fíorurċóid an táoḃ a stiġ ḋíoḃ; is uáiṁ oscuilte a scornaċ, do níd bladar le na tteangaiḋ.

10 Scrios íad, a Ḋé; leagṫar íad le na ccoṁairliḃ féin; teilg amaċ íad a niomadaṁlaċd a míġníoṁ; óir do rinneadar easáonta ad aġaiḋ.

11 Aċt gáirdiġeaḋ a nuile ḋuine do ċuir a ḋóiġ ionnadsa: gáiridís lé lúaṫgáir go bráṫ, do ḃríġ go ccuṁduiġ tusa íad: bidís mar an ccéadna an dream learab ionṁain ṫainm, lúaṫgáireaċ ionnad.

12 Oír ṫusa, a ṪIĠEARNA, beannoċa tú an fíréun; le faḃar timċiollfar é aṁuil buḋ le scéiṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ