Psailm 43 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XLIII. Guiḋe Ḋaiḃi ar a ḃfilleaḋ go Teampull Dé. 1 Deana breiṫeaṁnus orum, a Día, agus tagair mó ċúis an anaġaiḋ an ccineaḋ neaṁṫrócaireaċ: saor mé ó ḟear na mealltóireaċda agus na hurċoide. 2 Oír is tú Día mo neirt: cred fá ccuireann tú ḋíot mé? cred fa nimṫiġim go doilġiosaċ ar son sáruiġṫe mo náṁad? 3 Cuir ċugam do ṡolus agus ṫfírinne: tréoruiġdís mé; tugaidís mé ċum do ċnuic náoṁṫa, agus ċum hionaid coṁnuiġe. 4 Agus annsin raċa mé go haltóir Dé, go nuige Día luaṫġáir mo ġáirdeaċuis: agus, molfad ṫú ar an ccláirsiġ, ó a Ḋé mo Ḋía. 5 Cred fa tteilgionn tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society