Psailm 41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XLI. Gur soċaraċ Día don ḟear ḃeir aire don ḃoċd, agus gur díon é ón ċaraid ċealgaċ. Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi. 1 Is beannuiġ an té do ḃeir aire don ḃoċd: sáorfuiḋ an TIĠEARNA é a ló a nuilc. 2 Cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA é, agus coiṁéadfa béo é; biáiḋ sé beannuiġ air an ttalaṁ: agus ná táḃairsi é do ṫoil a náṁad. 3 Do ḋéana an TIĠEARNA a ċoṫuġuḋ air leabuiḋ a ḋoilġis: iompoċa tú a leabuiḋ uile iona ṫinneas. 4 A duḃairt mé, A ṪIĠEARNA, déana trócaire orum: slánuiġ manam; oír do ṗeacaiḋ mé ad aġaiḋ. 5 Laḃruiḋ mo naiṁde go holc orum, Cá huáir éugfas sé, agus ṁeiṫfeas a ainm? 6 Agus má ṫig dom ḟéuċuin, laḃruiḋ sé díoṁaóineas: cruinniġe a ċróiḋe urċóid ḋó féin; raċaiḋ amaċ annsa tsráid, agus laiḃeoruiḋ é. 7 Tiaġaid a ccogar ré ċéile am aġaiḋ an ṁéid ḟúaṫuiġios mé: smuáinid olc am aġaiḋ, ġá ráḋ, 8 Atá droċ easláinte ceangailte go daingion de: agus a nois ó atá na luiḋe ní éireoċuiḋ ní sa ṁó na ṡeasaṁ. 9 Fear mo ṡíoṫċána, fós, iona raiḃ mo ḋóiġ, noċ a duáiġ marán, do ṫog sé súas a ṡál am aġaiḋ. 10 Aċt tusa, a ṪIĠEARNA, déan trócaire orum, agus tóg súas mé, agus do ḃéur luáiġeaċd dóiḃ. 11 Air so aiṫniġim go ḃfuil dúil agadsa ionnam, do ḃríġ naċ déanuid mo naiṁde caiṫréim ós mo ċionn. 12 Aċt ar mo ṡonsa, congṁa tú súas mé ann mo iomláine, agus cuirfir mé ós coinne haiġṫe go bráṫ. 13 Go maḋ beannuiġ ḃías an TIĠEARNA Día Israel ó ṡíorruiḋeaċd, agus go síorruiḋe. Amen, Amen. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society