Psailm 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm IV. Is é ard-ṁaiṫe a nduine, gean maiṫ Dé. Don ṗríṁḟear ceóil air Neginot, Psalm Ḋáiḃi. 1 Eisd riom a nuáir ġoirfead, ó a Ḋé mfíréantaċda: dfuáscuil tú mé an tan do ḃí mé a ccuṁgaċ; déan trócaire orum, agus éist murnaiġ. 2 O Siḃsi a ṁaca na ndaóine, cá fad ḃeiṫí ag íompóiġ mo ġlóire ċum náire? cá fad ḃías gráḋ aguiḃ ar ḋíoṁaoineas, nó ḋéantaói lorgaireaċd a ndiáiġ ḃréag? Selah. 3 Aċt bíoḋ a ḟios aguiḃ gur ċuir an TIĠEARNA do leaṫtaoiḃ an duine diaḋa ḋó féin: cluinfiḋ an TIĠEARNA an tan ġoirfead air. 4 Bíoḋ úaṁan oruiḃ, agus ná déanuiḋ peacaḋ: déanuiḋ coṁráḋ ré ḃur ccroiḋe féin air ḃur leabuiḋ, agus beiṫi socair. Selah. 5 Ofráluiḋ íoḋbarṫa na fíréuntaċda, agus cuiriḋ ḃur ndóiġ annsa TIĠEARNA. 6 Atáid mórán ag ráḋ, Cía ṫaísbeanfas maiṫ ar biṫ ḋuinn? a ṪIĠEARNA, tóg súas solus do ġnúisi oruinn. 7 Do ċuiris lúaṫġáir ann mo ċroiḋe ní is mo ná a nuáir do ṁéuduiġ a narḃarsan agus a ḃfíon. 8 Luiġfe mé mar an ccéadna a síoṫċáin, agus coidéola mé: óir tusá, a ṪIĠEARNA, aṁáin ċuireas am ċoṁnuiḋ me a neaṁbáoġal. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society