Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXXI. Gaḃaiḋ sé dóṫċús ar ṫuille fuasclaiḋ, as an ċoḃair do fríṫ ċeana.
Don ṗríṁḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi.

1 Ionnadsa, a ṪIĠEARNA, ċuirim mo ḋóṫċus; ná léig mo náiriuġaḋ go braṫ: sáor mé ánn ṫfiréantaċd.

2 Cláon do ċlúas ċugam; sáor mé go lúaṫ: bí ḋaṁsa ad ċarruig neirt, agus mar ṫiġ cuṁduiġ dom ḋidion.

3 Oír is tú mo ċarruig agus mo ḋaingion; air a naḋḃarsin ar son ṫanma tréoruiḋ mé, agus díriġ mé.

4 Tarruing amaċ mé as an líon noċ do ḟoluiġeadar am ċoinne: óir is tú mo neart.

5 Ann do láiṁsi ċuirim mo spiorad: dfúasguil tú mé, a ṪIĠEARNA Día na fírinne.

6 Fúaṫiġim an luċd ċoiṁéadas díoṁáoineas bréagaċ: aċt cuirim mo ḋóṫċus annsa TTIĠEARNA.

7 Bíad lúaṫġaireaċ agus do ḋéan gáirdeaċus ann do ṫrócaire: oír do ċonnairc tú mo ḃuáiḋreaḋ; agus daiṫin tú manam a néigion;

8 Agus nior ṫoirḃir tú mé a láiṁ mo náṁad: do ċuiris mo ċosa a nionad ḟáirsing.

9 Déan trócaire orum, a ṪIĠEARNA, óir atáim a mbúaiḋreaḋ: atá mo ṡúil ar na cnáoi lé díḃḟeirg, manam fós, agus mo ḃolg.

10 Oír do caiṫeaḋ mo ḃeaṫa lé doilġios, agus mo ḃlíaḋna re hosnaḋuiḃ: do laġduiġ mo neart tre méaigceart, agus atáid mo ċnáṁa ar na ccnaói.

11 Do ḃí mé am scannail a measc measccarad uile, agus go háiriġ dom ċoṁarsanuiḃ, agus am eagla dom luċd aiṫeantuis: an luċt do ċonnairc amuiġ mé do ṫeiṫeadar uáim.

12 Atáim ar dearmad mar ḋuine ṁarḃ as cuiṁne: atáim mar ṡoiṫeaċ ḃriste.

13 Oír do ċúalaiḋ mé scannuil ṁóráin: eagla air gaċ áontaóiḃ: an feaḋ do ḃádar ag déanaṁ coṁairle a néainḟeaċd am aġaiḋ, do ṫionnsgnadar manum do ḃuain asum.

14 Aċt ionnadsa do ċuir misi mo ḋóṫċus, a ṪIĠEARNA: a dúḃrus, Is tú mo Ḋía.

15 Atáid maimseara ad láiṁse: sáor mé ó láiṁ mo náṁad, óm luċd ainleaṁuna.

16 Taḃair ar haġaiḋ lonnruġaḋ air do ṡeirḃíseaċ: tárṫuiġ mé ar son do ṫrócaire.

17 A ṪIĠEARNA, ná léig mo náiriuġaḋ; óir do ġoir mé órtsa: náiriġṫear na ciontuiġ, curṫar na ttoċd sa nuáiġ íad.

18 Déantar pussa na mbréug balḃ; noċ laḃrus neiṫe géura a naġaiḋ na ḃfíréun re húaḃar agus re tarcuisne.

19 O cred méad do ṁaiṫeasa, nóċ do ṫaisgiḋ tú don luċd air a mbí heagla; doibriġ tú don luċd ċuirios a ndóṫċus ionnad a laṫair ṁac na ndaóine!

20 Foileoċuiḋ tú íad a nuáignios ad ḟiaġnuise ó úaḃar an duine: foileoċuiḋ tú íad ann do ṫabernacuil ó imreasan na tteangṫa.

21 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA: óir do rínne sé a ċinéul ro iongantaċ ḋaṁsa a ccaṫruiġ ḋaingin.

22 Oír a duḃrus ann mo ḋeiṫnios, Atáim ar mo ġearraḋ amaċ ód raḋarc: giḋeaḋ do ċúala tú guṫ mo ġearáin a nuáir do ġáir mé ċugad.

23 Gráḋuiġiḋ an TIĠEARNA, ó siḃsi a náoiṁ féin uile: coiṁéaduiġ an TIĠEARNA an firinneaċ slán, agus díoluiḋ a luáiḋeaċd ris a núaiḃreaċ.

24 Bíḋiḋ láidir, agus neirteoċuiḋ sé ḃur ccroiḋe, siḃsi uile agá ḃfuil ḃur ndóiġ san TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ