Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XXX. Do iompoiġ Día brón go gáirdeaċus.
Psalm Ḋáiḃi, dán coisriġṫe a ṫiġe.

1 Ardṁolfa mé ṫú a ṪIĠEARNA; óir do ṫóig tú súas mé, agus ní ṫug tú air measccáirdiḃ gáirdeaċas do ḋéanaṁ ós mo ċionn.

2 O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do ċoṁairc mé ċugad, agus do leiġis tú mé.

3 O a ṪIĠEARNA, do ṫóig tú manam súas as ifrionn: do ċoiṁéad tú béo mé, go naċ raċfuinn síos don núaṁaiḋ.

4 Canuiḋ psalm don ṪIĠEARNA, ó siḃsi a naoṁa féin, agus tugaiḋ buiḋeaċus do ċuiṁne a naoṁṫaċda.

5 Oir íona ḟeirg ní ḃfuil aċt móiment; iona ḟaḃar atá beaṫa: annsa tráṫnóna bíoḋ go mbí gul, tig gáirdeaċus air maidin.

6 Aċt a duḃairt misi am ṡuáiṁnios, Ní háṫroċṫar mé ċoiḋċe.

7 A ṪIĠEARNA, maille red ġrásuiḃse do ċuir tú neart ann mo ṡlíaḃsa: dfoluiġ tú haġaiḋ, agus do ḃí mé buáiḋearṫa.

8 Ċugadsa a ṪIĠEARNA, do ċoṁairc mé; agus ċum an TIĠEARNA do rinne mé mo ġuiḋe;

9 Cred é an tarḃa atá an mfuil, a nuáir raċad síos san núaṁaiḋ? An molfuiḋ an luaiṫreaḋ ṫú? an ḃfoillseoċuiḋ sé ṫfírinne?

10 Cluin, a ṪIĠEARNA, agus déan trócaire orum: ó a ṪIĠEARNA, cuidiġ liom.

11 Diompóiġ tú mó ḋóḃrón a daṁsa ḋaṁ: do ċuiris díom mo ṡaicéadaċ, agus do ċoiṁċeangluis mé lé lúaṫġáir;

12 Ionnus go ccanfaḋ mo ġlóir molaḋ ḋuitsi, agus gan ḃeiṫ am ṫoċd. O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do ḃéarad buiḋeaċus riot go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ