Psailm 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XXI. Búiḋeaċas an déaġ rí déis búaḋuġaḋ. 7 Agus a ḃárr muiniġinn. Don ṗríṁḟear céoil. Psalm Ḋáiḃi. 1 A ṪIĠEARNA, ann do neartsa ḋéanas an riġ gairdeaċus; agus cred é a lúaṫġáiriġ ḃías sé ad ṡlánuġaḋ! 2 Ṫug tú toil a ċroiḋe ḋó: agus níor ċonnuiṁ tú uáḋ íarratas a ḃéil. Selah. 3 Ṫug tú ḋo fós beannuġaḋ na maiṫeasa suil do íarr sé: do ċuiris coróin dór ḟíorġlan air a ċionn. 4 Díarr sé beaṫa ortsa, agus ṫugais sin do, fad láiṫéaḋ go saoġal na saoġal. 5 Is mór a ġlóirsion ann do ṡlánuġaḋ: mórḋaċt agus onóir do ċuir tú air. 6 Do ḋéana tú fós ro ḃeannuiġ é go bráṫ: do ḋéana tú ro lúaṫġaireaċ é lé do ġnúis. 7 Do ḃríġ go ḃfuil dóiġ an ríġ annsa TTIĠEARNA, agus maille re trócaire an té is ro Airde ní ċorroċṫar é. 8 Do ġeaḃaiḋ do láṁ amaċ do naiṁde uile: do ġeaḃa do láṁ ḋeas an luċd ḟúaiṫiġeas ṫú. 9 Do ḋéana tú íad mar ḃácús tinntiġe a naimsir ṫfeirge: cnaóiḋfiḋ an TIĠEARNA iona ḟeirg íad, agus sluigfiḋ an teine íad. 10 Scriosfa tú a ttoraḋ ón ttalaṁ, agus a síol ó ċloinn Aḋaiṁ. 11 Oír do ċoṁairliġeadar olc ad aġaiḋ: do smuáiniġeadar cleasraḋ urċóideaċa, nár ḟéadadar do ċríoċnuġaḋ. 12 Uime sin ċuirfios tú roṁad íad, mar ḃuta re ccaitear soiġde cuirfi tú do ṡoiġde air do ṡranguiḃ as ċoinne a néadain. 13 Arduiġ ṫú féin, a ṪIĠEARNA, ad neart: marsin ċanfum agus ṁolfam ṫárraċtus. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society