Psailm 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XVII. An duine diaġa ag tagra ré na naiṁdiḃ. Urnaiġ Ḋáiḃi. 1 Eist an ceart, a ṪIĠEARNA, taḃair aire dom éiġioṁ, taḃair clúas dom urnuiġ, noċ imṫiġeann amaċ as pusuiḃ meaḃlaċa. 2 Tigeaḋ mo ḃreiṫeaṁnus amaċ ód laṫair; tugaidís do ṡúile aire do na neiṫiḃ atá coṁṫrom. 3 Do ḋearḃuis mo ċroiḋe; do ḟiosruiġis sa noiḋċe; do ḋearḃuis mé, agus ní ḃfuiġir éainní; is mían liom naċ cciontoċuiḋ mo ḃéul. 4 A ttáoḃ oibreaċ na ndaóine, lé breiṫir do ṗussa do ṡeaċain mé casáin an scriostóra. 5 Connuiṁ súas mo imṫeaċd ann do ċasánuiḃ, ċor naċ sleaṁnoċuid coisċéime mo ċos. 6 Do ġoireas ort, óir cluinfir mé, ó a Ḋé: cláon do ċlúas ċugam, agus éist mo ċoṁráḋ. 7 Taisbéin do ċinéul gráḋaċ iongantaċ, ó ṫusa noċ ṡáorus led láiṁ ḋeis an luċd do ċuirios a ndóiġ ionnad ón ṁuinntir noċ éirġios súas na naġaiḋ. 8 Coiṁéad mé mar ṁeall na súl, foluiġ mé faói scáile do sciaṫán, 9 O na ciontaċuiḃ noċ ṡáruiġios mé, óm naiṁdiḃ marḃṫaċa, noċ ṫimċiollas mé fa ccuairt. 10 Atáid síad dlúiṫiṫe iona méuṫus féin: le na mbeul laḃruid go huáiḃreaċ. 11 Do ṫimciolladar anois sinn ionar ccoiscéimiḃ: do ċuireadar a suile ag cromaḋ síos ċum na talṁan; 12 Aṁuil leoṁan noċ ata geanaċ ċum a ċreiċe, agus mar leoṁan óg ag forċoiṁéad a nionaduiḃ díaṁara. 13 Eíriġ, ó a ṪIĠEARNA, toirmisc é, teilg síos é: fúasguil manam ó na cionntaċaiḃ, red ċloiḋeaṁ: 14 O ḋaóiniḃ red láiṁ, a ṪIĠEARNA, ó ḋaóiniḃ an tsáoġail, agá ḃfuil a ccuid annsna mbeaṫaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnṁus foluiġeaċ: atáid síad lán do ċloinn, agus fágḃuid an ċuid oile dá maóin agá naóiḋeanuiḃ. 15 Air mo ṡonsa, do ḃéara mé aire dot ġnúisi a ḃfíréantaċt: biáiḋ mé sásuiġ, an tan ṁúisgeolus mé, led ċosaṁlaċt. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society