Psailm 150 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CL. Is coir Día do árdṁolaḋ air gaċ aon ċor; leis an uile inneal, agus lé ar nuile anam. 1 Moluiḋ an TIĠEARNA. Moluiḋ Día iona náoṁṫaċt: moluiḋ é a spéiriḃ a ċuṁaċt. 2 Moluiḋ é iona ṁóirġníoṁuiḃ; moluiḋ é a niomad a ṁórḋaċda. 3 Moluiḋ é ré guṫ an trumpa: moluiḋ é leis an tsaltair agus leis an gcláirsiġ. 4 Moluiḋ é leis an dtábuir mbig agus leis an bpíob: moluiḋ é lé aḋḃuiḋiḃ téud agus leis a norgán. 5 Moluiḋ é le goṫaiḃ árda na ḃfeadán: moluiḋ é leis an ḃfeadán gcaolġoṫaċ. 6 Molaḋ a nuile anál an TIĠEARNA. Moluiḋsi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society