Psailm 146 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXLVI. Gurab é Día ar caḃair re feiḋm, agus naċ aón duine do ṡíol Aḋaiṁ. 1 Moluiḋ an TIĠEARNA. O manum, mol an TIĠEARNA. 2 Molfa mé an TIĠEARNA ann mo ḃeaṫa: canfad sailm dom Ḋía an feaḋ ṁairfiod. 3 Ná cuiriḋ ḃur ndóiġ a bprionnsuiġiḃ, nó a mac an duine, ann naċ ḃfuil sláinte. 4 Téid a anal amaċ, fillfiḋ sé ċum a ṫalṁan; meaṫaid a smúaintiġṫe an lásin féin. 5 Is beanuiġe an té aga ḃfuil Día Iácob mar ċaḃair, agá a ḃfuil a ḋóiġ annsa TIĠEARNA a Ḋía féin: 6 Noċ do rinne neaṁ, agus talaṁ, an ṁuir, agus a nuile ní atá ionnta: noċ ċongṁas fírinne go síorruiḋe: 7 Ag cur ḃreiṫeaṁnuis a gcríċ don té do laguiġeaḋ: ag taḃairt aráin do nocraċ. Fúasclaiḋ an TIĠEARNA na príosúnaiġ: 8 Fosgluiḋ an TIĠEARNA súile na ndall: tógḃuiḋ an TIĠEARNA súas an drong ċláonas síos: is ionṁuin leis an TTIĠEARNA na fíréin: 9 Coiṁéaduiġ an TIĠEARNA an duine coigcríċe; an dílleaċta agus an ḃaíntreaḃaċ tógḃaiḋ sé súas: aċt cuiriḋ sé sliġe an ċiontoiġ bun ós cionn. 10 Biáiḋ an TIĠEARNA a rioġaċt go síorruiḋe, do Ḋíase, a Ṡíon, ó ġinealaċ go ginealaċ. Moluiḋsi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society