Psailm 144 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXLIV. Buiḋeaċas a ndiáiġ buaiġ: 12 agus urnaiġ a leiṫ a naós óg. Psalm Ḋáiḃi. 1 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA mo ċarruic, noċ ṁúinios mo láṁa ċum caṫa, mo ṁéir ċum cogaiḋ. 2 Mo ṫrócaire, agus mo ḋaingionn; mo ḋídion, agus mfear sáorṫa, mo sgiaṫ, agus an té ann a gcuirim mo ḋóiġ; noċ uṁluiġios mo ḋaóine fúm. 3 A ṪIĠEARNA, cred é an duine, as a mbeirionn tú aiṫne air! mac an duine, as a ttugann tú meas air! 4 Is cosṁuil an duine le díoṁaoinios; atáid a láeṫe mar scáile ag dul seaċa. 5 A ṪIĠEARNA, cláon do ḟlaiṫis, agus tárr a núas: bain ris na sléiḃtiḃ, agus do ḋéanaid deataċ. 6 Teilg uáit amaċ tinnteaċ, agus spréiḋ íad: cuir uáit amaċ do ṡoiġde, agus claóiḋ íad. 7 Cuir uáit do láṁ ó a núas; sáor mé, agus tárṫaiġ mé ó na huisgeaḋuiḃ móra, ó láiṁ na cloinne coigcríġe; 8 Noċ a laḃraid a mbéil díoṁaóinios, agus a láṁ deas gur láṁ deas ḃréige í. 9 O a Ḋé, canfa mé caintic núaḋ ḋuit: air an tsailmċéolaċ agus air instrument deiṫ ttéad ċanfas mé sailm ḋuit. 10 An té do ḃeir slánuġaḋ do ríġṫiḃ: an te ṫárṫuiġios Dáiḃi a ṡeirḃíseaċ ó ċloiḋioṁ a nuilc: 11 Tárṫuiġ, agus sáor mé ó láiṁ ccloinne an ċoiṁṫiġiḋ, noċ a laḃrann a mbéul díoṁaoineas, agus a láṁ ḋeas gur láṁ ḋeas ḃréige í: 12 Ionnus go raḃaid ar mic mar plannduiġe móra ag fás iona nóige; ar ninġeana mar cloċa cuinne ar na ngearraḋ, do réir ċosaṁlaċt ṗáláis: 13 Ar sgiobóil lán, ag taḃairt a nuile ċinéul stóir úaṫa; ar dtréada ag breiṫ mílte agus deiċ mílte ionar sráidiḃ: 14 Ar ndaiṁ ladir ċum oibriġe; gan briseaḋ a steaċ, ná dul amaċ; ná gearán ann ar sráidiḃ. 15 Is sona na daóine, atá annsa rioċdsa: as sona na daóine, ġa ḃfuil an TIĠEARNA na Ḋía aca. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society