Psailm 143 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXLIII. An seaċtṁaḋ psalm aiṫriġe. Psalm Ḋáiḃi. 1 A ṪIĠEARNA, cluin murnaiġ, taḃair éisdeaċt dom aṫċuinge: ann ṫfírinne freagair mé, agus ann ṫfíréantaċt. 2 Agus ná téiġ a mbreiṫeaṁnus le do ṡeirḃíseaċ: óir ní fíreantar neaċ béo ann ṫḟiaḋnuise. 3 Oír do rinne an náṁaid manam do ainleanṁain; do leag sé manam ċum na talṁan; ṫug sé orum coṁnuiġe do ḋéanaṁ a ndorċadas, mar an druing atá marḃ re fada. 4 Agus atá mo spiorad claóiḋte ionnam; atá mo ċroiḋe ionnam a stiġ mearuiġṫe. 5 Do ċuiṁniġ mé air an tseanaimsir; do smuáin mé ar hoibreaċuiḃse uile; do smuáin mé ar oibreaċaiḃ do laṁ. 6 Do ṡín mé mo láṁa ċugadsa: atá manam mar an ttalaṁ tartṁar ċugad. Selah. 7 Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log. 8 Taḃair orum do ṫrócaire do ċloisdion air maidin; óir is ionnadsa ċuirim mo ḋóiġ: taḃair orum an tsliġe daiṫniuġaḋ ann a siuḃola mé; óir is ċugadsa ṫógḃuim súas manam. 9 Sáor mé, óm naiṁdiḃ, a ṪIĠEARNA: ċugadsa ṫeiṫim dom ḟolaċ. 10 Múin daṁ do ṫoil do ḋéanaṁ; óir is tú mo Ḋía: tréoruiġeaḋ do ḋeiġspiorad mé, a steaċ a ttalaṁ an díorġuis. 11 Béoḋuiġ mé, a ṪIĠEARNA, ar son hanma féin: ann ṫfíréantaċd ḃéaras tú manam amaċ as anacair. 12 Agus ann do ṫrócaire geárrfa tú mo uile naiṁde, agus scriosfa tú gaċ a ċraiġios manma: óir is mé do ṡeirḃíseaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society