Psailm 140 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXL. Guiḋe anaġaiḋ ḟoiréigin agus ċealg na mbpeacaċ. Don ṗríṁḟear céoil. Psalm Ḋáiḃi. 1 Saor mé, a ṪIĠEARNA, ón droċḋuine: ó ḟior a nfoiréigin coiṁéad mé; 2 Noċ smuáinios urċóid a gcroiḋe; cruinniġid ar feaḋ an laói a gceann a ċéile ċum cogaiḋ. 3 Do ġéaruiġeadar a tteangṫa aṁuil naiṫir niṁe; atá niṁ naiṫreaċ iona mbéul. Selah. 4 Coiṁéad mé, a ṪIĠEARNA, ó láṁaiḃ na cciontaċ; dídin mé ó ḟior a nfoiréigin; noċ ṡaóilios mo ċoiscéime do ċlaóiḋ. 5 Dfoluiġeadar na huáiḃriġ an paintéar am ċoinne, agus corduiġe; do ṡíneadar líon ré taoḃ na slíġeaḋ: do ċuireadar innle am ċoinne. Selah. 6 A duḃairt mé ris an TTIĠEARNA, Is tusa mo Ḋía: cluin a ṪIĠEARNA, guṫ maṫċuinġeaḋ. 7 A ṪIĠEARNA a Ḋé, neart mo ṡlánuiġṫe, dḟoluiġ tú mo ċeann a ló an ċaṫa. 8 Ná deónuiḋ, a ṪIĠEARNA, míana na gciontaċ: agus ná críoċnuiġ a ndroċ tionnsgnaṁ; go naċ áirdeoċuid íad féin. Selah. 9 Ar son ċeann ndaóine noċ ṫimċiollas mé fá gcuáirt, folċaḋ tubaisde a mbéil féin íad. 10 Tuiteaḋ orra sméaróidiġe ar na lasaḋ: teilgṫear annsa teine íad; a bpollaiḃ doiṁne, iondus naċ néirġid aris. 11 Ná daingniṫior fear ḋroċṫeangṫa ar talaṁ: fear a nfoiréigin do ḋéana urċaid sealgiḋ air ċum a ḋíbearṫa. 12 Is aiṫne ḋaṁ go ndéana an TIĠEARNA ceart don ḃuáiḋearṫaċ, agus breiṫeaṁnus do nuireasḃuiḋeaċ. 13 Go deiṁin molfa an firéun hainm: biáiḋ an ceart na ċoṁnuiḋe ar haġaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society