Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XIV. Osnaḋ um nádur ṫruailliḋ an duine.
Don ṗrímḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi.

1 A DUḂAIRT an tamadán iona ċroiḋe, Ní ḃfuil Día ann. Atáid síad truáilliġ, do rinneadar oibreaċa aḋḟúaṫṁara, ní ḃfuil éainneaċ do ní maiṫ.

2 Dféuċ an TIĠEARNA a núas ó neaṁ air ċloinn na ndáoine, dféuċuin an raiḃ aonduine do ṫuigfeaḋ, agus diarrfaḋ Día.

3 Do ċlaonadar uile, atáid síad uile truáilliġ: ní ḃfuil éainneaċ do ní maiṫ, ní ḃfuil, éainneaċ aṁáin.

4 An ḃfuil éolus air biṫ ag a nuile ḋuine oibriġios éaicceart? noċ iṫios súas mo ṗobalsa mar iṫid síad aran, agus gan ġairm air an TTIĠEARNA.

5 Annsin do ḃádarsan a neagla ṁóir: oir atá Día a nginealaċ na ḃfíréan.

6 Do náiriġeaḃair coṁairle an ḃoiċd, do ḃríġ gur bé an TIĠEARNA a ḋaingean.

7 O naċ ttig slánuġaḋ Israel amaċ as Sion! a nuáir ḃéaras an TIĠEARNA daoirsine a ṗobail air ais, gáirdeoċuiḋ Iácob, agus biaiḋ Israel lúaṫġáireaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ