Psailm 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XIII. Urnaiġ fir ag caṫuġaḋ anaġaiḋ ṗeacaḋ. Don ṗrímḟear ceóil, Psalm Ḋáiḃi. 1 Ca fad ḋearmodair misi, a ṪIĠEARNA? go bráṫ? cá fad ḟoileoċṫair ṫaġaiḋ uáim? 2 Cá fad ġlacfad coṁairle ann manam; dóḃron ann mo ċroiḋe go láeṫeaṁuil? cá fad ḃiáid mo naiṁde air na nárduġaḋ ós mo ċionn? 3 Meas, agus éisd misi, ó a ṪIĠEARNA mo Ḋía: soillsiġ mo ṡúile, deagla go ccoideolfuinn codlaḋ an ḃáis; 4 Deagla go naibeoraḋ mo náṁuid, Do ḃuáiḋeas na aġaiḋ; agus an ṁuinntir ḃuáiḋrios mé gairdiġid a nuáir ḃím ar ccorruġaḋ. 5 Aċt do ċuirios mo ḋóiġ ann do ṫrócairesi; gáirdeoċuiḋ mo ċroiḋe ann do ṡlánuġaḋ. 6 Canfad ċum an TIĠEARNA, do ḃríġ gur roinn sé go fialṁar riom. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society