Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 129 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CXXIX. Claói na ndaóine ḟuaṫuiġeas eagluise Dé.
Caintic ċéimeaḋ.

1 Is minic do ḃuáiḋreadar mé óm óige, abraḋ Israel a nois:

2 Is minic do ḃuáiḋreadar mé óm óige: giḋeaḋ ni rugadar buáiḋ orum.

3 Do ṫreaḃadar na treaḃṫaiġ air mo ḋruim: do rinneadar a niomairiġe fada.

4 Atá an TIĠEARNA fíréunta: noċ do ġearr ó ċéile téada na gciontaċ.

5 Cláoiḋtear íad agus iompoiġṫear ar gcúl gaċ a ḃfuaṫuiġionn Síon.

6 Bídís cosṁuil ris an ḃféur ḟásas a mullaḋuiḃ na ttiġṫeaḋ, noċ ċríonas ní is doiċṫe ná ḟásas go hiomlán:

7 Lé naċ líonann an búanuiġe a láṁ; ná fear ceangail na bpunnann a ḃrollaċ.

8 Agus naċ abraid luċt gaḃála na sliġeaḋ, Bíoḋ beannuġaḋ an TIĠEARNA oruiḃ: beannuiġmid siḃ a nainm an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ