Psailm 128 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CXXVIII. Atá pósaḋ agus slioċd an ḟíréin, beannuiġte. Caintic ċéimeaḋ. 1 Is beannuiġe gaċ áon air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA; noċ ṡioḃlas iona ṡliġṫiḃ. 2 Oír íosfa tú sáoṫar do láṁ féin: biáiḋ tú sona, agus raċaiḋ go maiṫ ḋuit. 3 Biáiḋ do ḃean cosṁuil ris an ḃfíneaṁuin ṫoruiġ ar ṫáoḃuiḃ do ṫiġe: do ċlann cosṁuil le planntoiġiḃ ċroinn na hola a ttimṫioll do ḃóird. 4 Féuċ, gur marso ḃías an duine beannuiġ air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA. 5 Beinneoċuiḋ an TIĠEARNA ṫú as Síon: agus do ċífiḋ tú maiṫ Ierusalem uile láeṫe do ḃeaṫa. 6 Agus do ċífe tú ċlann do ċloinne, agus síoṫċáin ar Israel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society