Psailm 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XII. Briaṫra ḋaoine meaḃlaċ, 6 aċ briaṫra Dé ataid firinneaċ. Don ṗríṁḟear ceóil air Ṡeminit, Psalm Ḋáiḃi. 1 Caḃair, a ṪIĠEARNA; óir scuiriḋ an duine díaḋa; óir failliġiḋ an creidṁeaċ do ḃeiṫ a measc ċloinne na ndaóine. 2 Laḃruid síad díoṁaóineas gaċ uile ḋuine re na ċoṁarsuin: le pusaiḃ meaḃlaċa le croiḋe dúbalta laḃruid síad. 3 Géarrfuiḋ an TIĠEARNA amaċ gaċ uile ṗus meaḃlaċ, agus an teanga noċ laḃras neiṫe uáiḃreaċa: 4 Noċ a duḃairt, Le ar tteangaiḋ buáiḋirfeam; is linn féin ar bpuis: cía is tiġearna ós ar ccionn? 5 Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é. 6 Focail an TIĠEARNA is focail ġlana íad: mar airgiod dearḃṫa a ḃfuirnéis ċríaḋ, niaṁġlanta seaċd nuáire. 7 Coiṁéadfa tú íad, ó a ṪIĠEARNA, cuiṁdeoċa tú íad ón ġinealaċso go bráṫ. 8 Siuḃluiġid na ciontaiġ air gaċ áontaóiḃ, a nuáir árduiġṫear na daóine is míṁeasta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society