Psailm 108 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm CVIII. Tug geallaḋ Dé tuille meisneaċ agus neart do Ḋáiḃi. Caintic agus Psalm Ḋáiḃi. 1 Ata mo ċroiḋe ollaṁ, a Ḋé; canfad agus ḃearad psalm eaḋon rem ġlóir. 2 Múscail, a ċláirseaċ agus a ṡitirn: múisceoluiḋ misi ar maidin. 3 Molfa mé ṫú, a measg na ndaóine, a ṪIĠEARNA: canfad salm ḋuitsi a measg na gcineaḋaċ. 4 Oír is mór do ṫrócaire ós cionn na neaṁ: agus ṫfírinne go nuige na spéiriġe. 5 Bí ar hárduġaḋ, ós cionn na neaṁ a Ḋé: agus ós cionn na talṁan uile do ġlóir; 6 Ċum go sáorṫaói háos gráḋa: sáor le do láiṁ ḋeis, agus freagair mé. 7 Do laḃair Día iona náoṁṫaċd; do ḋéanad lúaṫġáire, roinnfiod Seċem, agus toiṁeosad gleann Sucot. 8 Is líomsa Gílead, agus is leam Manasseh; agus is é Eṗraim mar an gceadna neart mo ċinn; is é Iúdah do ḃeir mo ḋliġeaḋ úaḋ; 9 Moab mo ṗota ionnlaiṫ; teilgfiod mo ḃróg tar Edom; agus do ḋéanad caiṫréim ós cionn Ṗalestina. 10 Cía ḃéaras mé go caṫraiġ an dídin? cía ṫréoroċus mé go Hédom? 11 Naċ déana tusa, a Ḋe, noċ do ṫeilg uáit sinn? agus naċ raċa tú amaċ, a Ḋé, lé ar slúaġaiḃ? 12 Taḃair caḃair ḋúinn ó ḃuáiḋreaḋ: óir is díoṁaóin furtaċd an duine. 13 A Ndía do ḋeanam gaisge: agus sailteoruiḋ seision síos ar naiṁde. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society