Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 101 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm CI. Móid agus rún Ḋáiḃi mar ḋeaġ ċeannmuinntir.
Psalm Ḋáiḃi.

1 Trocaire agus breiṫeaṁnus ċanfas mé: ḋuitse, a ṪIĠEARNA, ċanfas mé salm.

2 Tuigfe mé a sliġe iomláin. Cá huáir ṫiocfas tú ċucam? siuḃolad a ndíoġruis mo ċroiḋe a meaḋón mo ṫiġe.

3 Ní ċuirfiod cúis urċóideaċ ar biṫ ós coinne mo ṡúl: is beag orum gníoṁarṫa na ndaóine noċ ċláonas; ní ċeangoluiḋ sé ḋíom.

4 Deileoċuiḋ croiḋe fíoċṁar leam: ní aiṫneoċa mé droċ ḋuine.

5 An té scannluiġios a ċoṁarsa ós isiol, géarrfad eision amaċ: an tárraċta a raḋarc agus an tuáiḃreaċ a ccroiḋe leision ní ḟéaduim iomċar.

6 Biáid mo ṡúile ar ḋaóiniḃ fírinneaċa na talṁan, iondus go naitreaḃuid am ḟoċair: an tí ṡiuḃlus a sliġe iomláin, is é do ḋéanas serḃís daṁsa.

7 Ní ḋéana sé áitreaḃ ann mo ṫiġ noċ do ní cealg: an té do laḃras bréaga ní ḋéana coṁnuiḋe ós coinne mo ṡúl.

8 Sgriosfa mé go moċ uile ċionntuiġ na talṁan; iondus go ngéarrfa mé amaċ ó ċaṫruiġ an TIĠEARNA gaċ a noibriġeann éigceart.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ