Psailm 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm X. Urnaiġe anaġaiḋ ḟaille agus foirneart. 1 Cred fa seasann tú a ḃfad amaċ, ó a ṪIĠEARNA? cred fá ḃfolċann tú ṫú féin a naimsearuiḃ buaiḋearṫa? 2 Do ní an ciontaċ iona úaḃar gérleamnhuin air an mboċd: go ngaḃṫar íad annsna cealguiḃ noċ do smuáineadar féin. 3 Oír maóiḋiġ an ciontaċ fonn a ċroiḋe, agus beannuiġiḋ sé an sanntaċ, noċ ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA. 4 Ní ḋéan an ciontaċ, tre úaḃar a ġnúisi, lórgaireaċd a ndiáiġ Dé; ní ḃfuil Dia iona uile smuáintiġiḃ. 5 Atáid a ṡliġṫe a ccoṁnuiġ doilġiosaċ; atáid a ḃreiṫéamnuis a ḃfad súas as a raḋarc: maille re na easccáirdiḃ uile, bíṫ sé ag foċṁuid fúṫa. 6 A duḃairt sé iona ċroiḋe, Ní corroċar mé: óir ní ḃía mé go bráṫ a naindeisi. 7 Atá a ḃéul lán do ṁallaċd agus do meaḃuil agus do ċeilg: faói na ṫeangaiḋ atá urċóid agus díoṁaóineas. 8 Suiġiḋ sé a nionaduiḃ foraire na mbailteaḋ: annsna hionaduiḃ diaṁaire dúnṁarḃuiḋ sé na neiṁċiontuiġ: atáid a ṡúile go foluiġṫeaċ na súiġe a naġaiḋ no mboċd. 9 Luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ go diaṁair aṁuil leoṁan iona ḟúaṫais: luiġiḋ sé a ḃfeiṫeaṁ cum beirṫe air na boċduiḃ; beiríḋ sé ar an mboċd, a nuáir ṫairrngios sé é ċum a lín. 10 Cromuiḋ sé, agus uṁluiġiḋ sé é féiu, ċor go ttuitfeaḋ an boċd le na ṫréanuiḃ. 11 A duḃairt sé iona ċroiḋe, Do ḋearmuid Día: foluiġiḋ sé a aġaiḋ; ní ḟaicfiḋ sé go bráṫ é. 12 Eíriġ, ó a ṪIĠEARNA; a Día, tóg súas do láṁ: ná dearmuid an tuṁal. 13 Cred fá ttarcuisniġid na ciontuiġ Día? a duḃairt sé iona ċroiḋe, Ní íarrfa tú é. 14 Do ċonnairc tú é; oir do ḃeir tú aire durċóid agus do ṁioscuis, ċum a ċúitiġ led láiṁ: tiomnuiġiḋ an boċd é féin duit; is tú coḃarṫóir na ndílleaċd. 15 Bris riġ an ċiontuiġ agus an droċḋuine: lorg amaċ a ċionta go naċ ḃfaġair éainní. 16 Is Ríġ an TIĠEARNA go saoġal na saoġal: do cuireaḋ na geinte seaċad amaċ as a ṫalaṁ. 17 A ṪIĠEARNA, do ċúaluiḋ tú fonn a na nuṁal: uillṁeoċa tú a ccroiḋe, do ḃéarair air do ċluáis éisdeaċd: 18 Ċum breiṫeaṁnuis do ḋéanaṁ air an ndílleaċd agus air an té foiréigeantar, ċor naċ éigneoċaiḋ fear na talṁan ní buḋ mó. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society