Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Nehemia 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Na Híuduiġe go duṫraċdaċ ag deanaṁ obair leaṫ‐laiṁe, 17 agus an laṁ oile ag conġṁail arm.

1 Aċt tárla, a nuáir do ċúalaiḋ Sanballat gur ċuireamar an balla súas, do ḃí fearg air, agus do ġaḃ aṫṁáoltas mor é, agus do ḃí ag magaḋ air na Iuduiġiḃ.

2 Agus do laḃair a laṫair a ḋearḃráiṫreaċ agus ṡluáiġ Ṡamaria, agus a duḃairt, Cred é so do níd na Iúduiġe éagcruáiḋsi? a ndéanuid daingion dóiḃ féin? a ndéanuid íoḋbuirt? an ccríoċnoċuid a náonló? a naiṫḃéoḃuid na cloċa as na cárnuiḃ dearga atá loisge?

3 Anois do ḃi Tobiah an Tammoníteaċ na aice, agus a duḃairt sé, An sáoṫar sin noċ do ċuireadar súas, má ṫéid sionnaċ súas, brisfiḋ sé aṁ síos a mballa cloiċe.

4 Cluin so, ó ar Ndíane; óir atámaóid fá ṫarcuisne: agus iompóiġ a masla ar a cceann féin, agus taḃair na ccreiċ íad a ttír ná daóirsine:

5 Agus na ceil a néaigceart, agus ná scriostar amaċ a bpeacaḋ as tfiaḋnuisisi: óir do ḃrostuiġeadar ċum feirge ṫu a laṫair an luċd oibre.

6 Marsin do ċuireamar an balla súas; agus do ċeanglaḋ an balla uile ḋá ċéile go nuige a leaṫ: óir do ḃí fonn oibre air na daóiniḃ.

7 ¶ Aċt tárla, a núair do ċúaluiḋ Sanballat, agus Tobiah, agus na Harábianuiġ, agus na Hammonitiġ, agus na Hasdoditiġ, gur cuireaḋ balla Ierusalem súas, agus go raḃadar na béarnaḋa ar tí ḃeiṫ druite, annsin do ḃí fearg ṁór orra,

8 Agus do ċoiṁíaḋadar uile re ċéile do ṫeaċt súas, agus do ṫroid a naġuiḋ Ierusalem, agus a nobair sin do ṫoirmiosg.

9 Ar a ṡonsin do rinneamairne ar nguiḋe ċum ar Ndé, agus do ċuireamar faire re na naġaiḋ do ló agus doiḋċe, ar a neagla.

10 Agus a dúḃairt Iúdah, Do laguiġeaḋ neart luċt iomċair na núalaċ, agus atá mórán tróṫair ann; iondus naċ ḃféadmuid an balla do ḋéanaṁ.

11 Agus a dúḃradar ar náṁuid, Ní ḃiáiḋ fios aca, agus ní ḟaicfid síad, nó go ttigimne iona lár, agus go marḃam íad, agus go ttugam ar a nobair cosc.

12 Agus tárla, a núair ṫangadar na Iúduiġe do ḃí láiṁ ríu na ccoṁnuiġe, go nduḃradar rinne deiċ nuáire, As an uile ḃall as a niompoċṫaoi ċuguinne béid síad ar ḃur muin.

13 ¶ Ar a naḋḃarsin do ċuir misi ar an ccuid dob ísle táoḃ ṡíar don ḃalla, agus ar an ccuid dob áirde fós, do ċuir mé na daoine do réir a muinntear gun a ccloiḋṁiḃ, gun a ngáeṫiḃ, agus gun a mboḋuiġiḃ.

14 Agus dféaċ mé, agus déiriġ mé súas, agus a duḃairt mé ris na huáisliḃ, agus ris na húaċdaranuiḃ, agus ris an ccuid oile don ṗobal, Ná húaṁnuiġṫear siḃ rompa súd: cuiṁnuiġiḋ an TIĠEARNA, atá mór úaṫḃasaċ, agus troidiġ ar son ḃur ndearḃráiṫreaċ, ḃur mac, agus ḃur ninġean, ḃur mban, agus ḃur ttiġṫeaḋ.

15 Agus tárla, a nuáir do ċúaladar an naṁuid go ḃfúaramairne scéula, agus go ttug Dia a ccoṁairlesion a neiṁni, gur ḟilleamar uile ar an mballa, gaċ aon dinn ar a ċuid oibre féin.

16 Agus tárla ón nuáirsin amaċ, gur oibriġeadar leaṫ mo ṡeirḃíseaċsa annsa nobair, agus an leaṫ oile ḋíoḃ do ċongṁadar na gáeṫe, na scíaṫa, agus na boġuiġe, agus na láṁ‐airm; agus do ḃádar na húaċtaráin táoḃ ṡíar uile do ṫiġ Iúdah.

17 An luċt do oibriġ ar an mballa, agus luċt iomċair na núalaċ maille ris an luċt do ċuireaḋ úaluiġe súas, do níoḋ gaċ áon díoḃ obair leaṫláiṁe, agus an leaṫláṁ oile ag congṁáil airm.

18 Arson na sáor, do ḃíoḋ a ċloiḋéaṁ ṫair gaċ áonduine ḋíoḃ air a ṫaoḃ, agus é marsin ag déanaṁ oibre, agus an té do ḃúaileaḋ an stoc do ḃí sé am ḟoċairse.

19 Agus a dúḃairt misi ris na huáisliḃ, agus ris na húaċdaranuiḃ, agus ris an ccuid oile don ṗobal, As mór agus is leaṫan a nobair, agus atamaóid dealuiġṫe air an mballa, a ḃfad ó ċéile gaċ áon aguinn.

20 Ar a naḋḃarsin giḋ bé áit a ccluinfiḋe fuáim an stuic, cruinniġiḋ annsin ċuguinn: troidfiḋ ar Ndía air ar son.

21 Marsin do ṡáoṫruiġeamar ánnsa nobair: agus leaṫ ḋíoḃ ag iomċar na ngáeṫeaḋ ó eirġe na maidne go faicsin na réultann.

22 Mar an ccéadna san namsin féin a duḃairt mé ris an bpobal, Luiġiḋ gaċ áonduine gon a óglaċ a stiġ ann Ierusalem, ar ċor go mbéid na ngárda aguinn san noiḋċe, agus go noibriġid san ló.

23 Marsin níor ċuir misi, no mó ḋearḃráiṫre, nó mo ṡeirḃiseaċa, nó muinntir an ġárda noċ do lean misi, ar néaduiġe ḋínn, aċt a nuáir do ċuireaḋ gaċ áon de ḋá niġe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ