Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Nehemia 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Do ċuireadar súas Geataḋa agus ballaḋa na caiṫreaċ.

1 An sin déiriġ Eliasib an tárdsagart súas gon a ḋearḃráiṫriḃ na sagairt, agus do ċuireadar geata na ccáoraċ súas; do náoṁuiġeadar é, agus do ċuireadar coṁlaḋa ris; ó ṫor Meah air fad go tor Hananeel, do náoṁuiġeadar é.

2 Agus a ngar dó sin do rinneadar muinntir Ieriċo obair. Agus láiṁ ríu sin do rinne Saccur ṁac Imri obair.

3 Aċt do ċuireadar mic Hassenaah geata a neisc súas, noċ do ṡuiṫiġ a ṡaltaċa fos, agus do ċuireadar súas a ḋoirse, a ġlais, agus a ḃarraḋa.

4 Agus láiṁ riu sin do leasuiġ Merimot ṁac Uriah, ṁic Cos. Agus láiṁ riú sin do leasuiġ Messullam ṁac Ḃereċiah ṁic Messesabeel. Agus láiṁ ríu sin doibriġ Sadoc ṁac Baana.

5 Agus láiṁ ríu sin do leasuiġeadar na Tecoitiġ; aċt níor ċuireadar a nuáisle a muinéil fa obair an TIĠEARNA.

6 Tuilleaṁ oile, do leasuiġ Iehoiada ṁac Paseah, agus Messullam ṁac Besodeiah an seinġeata; do ċuireadar a ṡaltaċa na súiḋe, agus do ċuireadar súas a ḋoirsi, a ġlais, agus a ḃarraḋa.

7 Agus na ḋiáiġsin do leasuiḋ Melatiah an Gibeoniteaċ, agus Iadon an Meronotiteaċ, muinntir Ġibeon, agus Ṁispah, go caṫaóir ríoġḋa a núaċdaráin don taóiḃsi do naḃuinn.

8 Láiṁ ris sin do leasuíġ Ussiel ṁac Harhaiah, do na céarduiḃ óir. Láiṁ ris sin mar an gcéadna do leasuiġ Hananiah mac aóin do na poteacairiḃ, agus do ḋaingniġeadar Ierusalem go nuige an balla leaṫan.

9 Agus láiṁ ris sin do leasuiġ Reṗaiah ṁac Hur, úaċtarán leiṫe Ierusalem.

10 Agus láiṁ ríu sin do leasuiḋ Iedaiah ṁac Harumaṗ, eaḋon ṫall as coinne a ṫiġe féin. Agus láiṁ ris sin do leasuiġ Hattus ṁac Hassabniah.

11 Do leasuiġ Malċiiah ṁac Harim, agus Hassub ṁac Pahat‐Moab an píosa oile, agus tor na forn.

12 Agus láiṁ ris sin do leasuiġ Sallum, ṁac Halohes, úaċtarán leiṫ ċoda Dierusalem, é féin, agus a inġeana.

13 Do leasuiġ Hanum, agus áitreaḃniġ Ṡanoa geata an ġleanna; do ċuireadar súas é, agus do ṡuiġeadar súas a ḋoirsi, a ġlais, agus a ḃarraḋa, agus míle cuḃad air an mballa go nuige geata a naóiliġ.

14 Aċt sé Malċiah ṁac Réċab úaċdarán coda do Ḃet‐haccerem, do ċuir geata a naóiliġ súas, do rinne sé é, agus do ċuir sé a ḋoirsi súas, agus a ġlais, agus a ḃarraḋa.

15 Aċt sé Sallum ṁac Col‐hoseh, úaċdaran coda do Ṁispah, do rinne geata an tobuir; do ṫóg sé é, agus do ċuir díon air, agus do ċuir a ḋoirse súas, a ġlais, agus a ḃarrada, agus balla loċáin Ṡiloah láiṁ re gáirdín an ríġ, agus go nuige na staiġreaċa ṫéid síos ó ċaṫruiġ Ḋáiḃi.

16 Ná ḋiaiġ sin Nehemiah ṁac Asbuc, úaċdarán leaṫċoda do Ḃetsur, do leasuiġ sé go nuige a náit ṫall as coinne ṫúama Ḋáiḃi, agus go nuige an loċán do rinneaḋ, agus go tiġ an ċuṁaċduiġ.

17 Na ḋiáiġ sin do leasuiġeadar na Leḃítíġ, Rehum ṁac Bani. Na ḋiáiġ sin do leasuiġ Hassabiah, úaċtarán leaṫċoda do Ċeilah, ann a ċuid féin.

18 Na ḋiáiġ sin do leasuiġeadar a ndearḃráiṫe, Baḃai ṁac Henadad úaċdarán leaṫċoda Ceilah.

19 Agus láiṁ ris do leasuiġ Eser ṁac Iessua, úaċdarán Mispa, píosa oile ṫall as coinne ḋula súas go tiġ na narm ar ċasaḋ an ḃalla,

20 Na ḋiáiġ sin do ċúir Baruċ ṁac Sabbai an ċuid oíle súas go diṫċiollaċ, ó ċasaḋ an ḃalla go dorus ṫiġe Eliassib an tárdṡagart.

21 Na ḋiáiġ sin do rinne Merimot ṁac Uriiah ṁic Cos píosa oile, ó ḋorus ṫiġe Eliassib air fad go héadan ṫiġe Eliassib.

22 Agus na ḋiáiġ sin do leasuiġeadar na sagairt, muinntir an réitiġ.

23 Ná ḋiáiġ sin do leasuiġ Beniamin agus Hassúb ṫall as coinne a ttiġe féin. Na ḋiáiġ sin do leasuiġ Asariah ṁac Maaseiah ṁic Ananiah láiṁ re na ṫiġ féin.

24 Na ḋiáiġ sin do leasuiġ Binnui ṁac Henadad píosa oile, ó ṫiġ Asariah go casaḋ an ḃalla, eaḋon go nuige an ccoirnéul.

25 Do leasuiġ Palal ṁac Usai, ṫall as coinne ċasta an ḃalla, agus an tuir atá amaċ as coinne ṫiġe áird an ríġ, do ḃí láiṁ ré cúirt an ṗríósúin. Na ḋiáiġsin doibriġ Pedaiah ṁac Paros.

26 Tuilleaṁ fós do áitreaḃadar na Netinimiġ ann Oṗel, go nuige a náit ṫall as coinne ġeata an nuisge leaṫ ṡoir, agus an tuir ṫéid amaċ.

27 Na ḋiáiġ sin do leasuiġeadar na Tecoitiġ píosa oile, ṫall as coinne an tuir ṁóir atá amuiġ, eaḋon go nuige balla Oṗel.

28 Do ċuireadar na sagairt súas ó ṫimċioll ġeata na neaċ, gaċ éanduine as coinne a ṫiġ féin.

29 Na ḋiaiġsin do ċuir Sadoc ṁac Immer as coinne a ṫiġe féin súas. Na ḋiáiġ sin do leasuiġ Semaiah ṁac Secaniah, coiṁéaduiġ an ġeata ṡoir.

30 Na ḋiáiġsin do leasuiġ Hananiah mac Ṡelemiah, agus Hanun an seiseaḋ mac do Ṡalaṗ, píosa oile. Na ḋiáiġsin do leasuiġ Messullam ṁac Bereċiah ṫall as coinne a ṡeomra.

31 Na ḋiáiġsin do leasuiġ Malċiah mac an ċéarda óir, go nuige áit na Netinimeaċ, agus na cceannuiġeaḋ, ṫall as coinne an ġeata Miṗcad, agus go dul súas an ċoirnéil.

32 Agus eidir ḋul súas an ċoirnéil go geata na ccáoraċ do ċuireadar na céarda óir agus na ceannuiġṫe súas é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ