Neaḃruiḋeaċ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI Nádur an ċreidiṁ; 7 agus a neart, ar na ḋearḃaḋ ré iniomad sompla. 1 Agus a sé an creideaṁ as bun do na neiṫiḃ ré ḃfuil dóiġ, agus as foillsiuġaḋ dearḃṫa air na neiṫiḃ naċ ḃfaicṫear. 2 Oír as tríd fúaradar na sinnsir deaġṫeisd. 3 As tré ċreideaṁ ṫuigmíd gur crúṫuiġeaḋ an doṁan tré ḃréiṫir Dé, ionnas go ndearnaḋ neiṫe sóḟaicsiġ do na neiṫiḃ dóḟaícsiġ. 4 As tré ċreideaṁ do ḟoráil Abel do Ḋía ioḋbairt ní as féarr ná Cáin, tré a ndéarnaḋ fíaḋnuise ḋó go raiḃ sé na ḟíréun, ar mbeiṫ do Ḋía ag déunaṁ fíaḋnuise ḋá ṫioḋlaiciḃ: agus trés an gcreideaṁsin ar ḃfaġáil ḃáis dó láḃruiḋ sé fós. 5 As tré ċreideaṁ do háṫruiġeaḋ Enóċ ċum naċ ḃfaicfeaḋ sé an bás; agus ní friṫ é, do ḃríġ gur aṫruíġ Día é: oír súil do haṫruiġeaḋ é do rinneaḋ fíaḋnuise ris, gur ṫaitin sé re Día. 6 Aċd a ḃféugṁuís ċreideiṁ ní féidir taitneaṁ ris: oír an tí ṫig ċum Dé is éigean dó a ċreideaṁ go ḃfuil sé ann, agus go dtaḃairt sé lúaċ sáoṫar don druing íarras é. 7 As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé. 8 As tré ċreideaṁ, dúṁlaiġ Abraham, ar na ġairm ag imṫeaċd go hionad noċ do ġeubaḋ sé na ḋiáiġ sin doiġreaċd; agus do ṫríall sé roiṁe, gan a ḟios aige cá háit ann a raiḃ sé ag dul. 9 As tré ċreideaṁ do ċóṁnuiġ sé a dtír na geallaṁna, aṁuil a dtir ċoiṁiġṫe, ar ndéunaṁ coṁnuiġe ḋó a mboṫuíḃ maille ré Hísaac agus ré Iácob, coṁóiġreaḋa na geallaṁna céudna: 10 Oír do ḃí a ṡúil ris an gcaṫruiġ úd agá ḃfuil fonndameint, agár ab é Día a sáor agus a cruṫaiġṫeóir. 11 As tré ċreideaṁ mar an gcéudna fuáir Sára féin neart ċum síl do ġaḃáil di, agus rug sí mac tar éis í ḋul tar aóis cloinne ḃreiṫ, do ḃríġ gur ṁeas sí gur ḃfírinneaċ an tí ṫug an geallaḋ. 12 Uime sin do gineaḋ slioċd ó áon aṁáin, agus é fós a rioċd ṁairḃ, coiṁlíonṁar ré realtuiḃ neiṁe, agus ré gaineaṁ ṫráġa na fairrge naċ féidir áireaṁ. 13 As do réir ċreidiṁ fuaradar so uile bás, bíoḋ naċ ḃfúaradar na neiṫe do ġeallaḋ ḋóiḃ, aċd go ḃfacadar íad a ḃfad úaṫa, agus tug ċreideaṁ agus do ṫeannadar riu íad, agus do adṁuiġeadar go raḃadar féin na ndéoraḋuiḃ agus na noilírṫeaċuiḃ ar an dtalaṁ. 14 Oír an dream a deir na neiṫese cuirid síad a gcéill go follas go ḃfuilid síad ag íarruiḋ dúiṫċe. 15 Agus dá mbeiṫ an dúiṫċe úd as a dtangadar amaċ, ar coiṁne aca, do ḃí ám aca ré filleaḋ air a nais. 16 Aċd a nois atá a ndúil a ndúiṫċe as féarr, eaḋon, sa dúiṫċe neaṁġa: úime sin ní nár lé Día ḋá dtáoḃsan, a Ndía do ġairm ḋe: oír do ullṁuiġ sé caṫair ḋóiḃ. 17 As tré ċreideaṁ, do ḟoráil Abraham Isaac, an tan do ḋearḃaḋ é: agus an tí fuáir na geallaṁnaċa do ḟoráil sé a néinġin, 18 Lé a nduḃraḋ, Is a Nísáac ġoirfiġṫear do ṡíol: 19 Ar mbreiṫnuġaḋ ḋó gur cúṁaċdaċ Día air a ṫógḃáil súas, éaḋon ó ṁarḃuiḃ; as ar ġlac sé é fós a gcosaṁlaċd. 20 As tré ċreideaṁ do ḃeannuiġ Isáac Iácob agus Esáu a dtáoḃ na neiṫeann do ḃí ċum teaċda. 21 As tré ċreideaṁ, do ḃeannuiġ Iácob ag faġáil ḃáis dó, días mac Ioseṗ; agus do rinne sé aḋra, ós ceann a ḃata. 22 As tré ċreideaṁ, do ċuir Ióseṗ a gcoiṁne, ag faġáil ḃáis dó imṫeaċd ċloinne Isráel as a Néigipt; agus tug sé áiṫne a dtimċioll a ċnáṁ. 23 As tré ċreideaṁ do cuireaḋ Máoise a ḃfolaċ, ré na aṫair agus ré na ṁáṫair feaḋ ṫrí míos an tan rugaḋ é, do ḃríġ go ḃfacadar gur leanaḃ áluinn é; agus ní raiḃ faitċeas roiṁ áiṫne an ríġ orrṫa. 24 As tré ċreideaṁ do ḋíult Maóise, ar mbeiṫ ḋó mór, mac inġine Ṗárao do ġairm ḋe; 25 Ar mbreiṫ ḋó do roġain ḃeiṫ ag fulang buáiḋearṫa a ḃfoċair ṗubail Dé, tar ḃeiṫ a sáiṁe neaṁmbúan an ṗeacuiḋ; 26 Ar na ṁeas dó gur ṁó an saiḋḃreas masla Ċríosd ná ionnṁas ná Héigipte: óir do ḃí súil aige ris an lúaċ sáoṫair. 27 As tré ċreideaṁ do ṫréig sé an Néigipt, gan ḟaitċeas air roiṁ ḟeirg an ríġ: óir do ḃí sé coṁláidir sin ná inntinn, ionann agus do ċífeaḋ sé an tí naċ féidir dfaicsin. 28 As tré ċreideaṁ dórduiġ sé an túan casg, agus an dórtaḋ fola, deagla go mbeanfaḋ an tí do sgríos gaċ céidġin riusan. 29 As tré ċreideaṁ do ċúadar trés an muir Ruáiḋ aṁuil tré ṫiormaċ: an ṁuir léur sluigeaḋ na Héigiptiġ ar dteaċd dá teasduġaḋ ḋóiḃ. 30 As tré ċreideaṁ do ṫuiteadar balluiḋe Ierico, tar éis gaḃála na dtimċiol seaċd lá. 31 As tré ċreideaṁ nár sgriosaḋ an ṁeirrdreaċ Rahab a naóinḟeaċd ris an druing do ḃí easúṁal, ar dtaḃairt aóiḋeaċda uáiṫe don luċd braṫa go síoṫċánta. 32 Agus créd a déuruinn ní sa ṁó? óir do ḃíaḋ a naimsir ro ġearr agum ré ḃeiṫ ag cráoḃsgaóileaḋ ar Ġedéon, agus ar Ḃárac, agus ar Ṡampson, agus ar Ieṗtaé; agus ar Ḋáiḃi, agus Ṡamuel, agus ar na fáiḋiḃ: 33 Noċ tré ċreideaṁ da ḃúaḋuiġ ríoġaċda, do oibriġ fíréuntaċd, do ġnoḋuiġ na geallaṁnaċa, do sdop beóil na leoṁan, 34 Do ṁúċ neart na teineaḋ, do ċuáiḋ as ó ḟáoḃar an ċloiḋiṁ, tugaḋ ó laige go láidireaċd, do rinneaḋ neartṁar a gcaṫ, do ċuir a dteiṫeaṁ sluáiġe na neaċdrannaċ. 35 Do ġlacadar na mná a mairḃ ó eiséirġe: do céusaḋ drung eile mar an gcéudna, gan suim ann a sáoraḋ aca; ċum eiséirġe buḋ féarr dfaġáil ḋóiḃ: 36 Agus do dearḃaḋ drung eile ré sgige agus ré sgíursuiġiḃ, agus fós, ré géiḃeannuiḃ agus ré príosún: 37 Do cloċaḋ íad, do gearraḋ ó ċéile íad, do cuireaḋ caṫuġaḋ orrṫa, do marḃaḋ ré cloiḋeaṁ íad: do ḃádar ar seaċrán a nunn sa nall a gcroicniḃ cáoraċ agus gaḃar, ar mbeiṫ ḋóiḃ a ríaċdanus, dá mbuáiḋreaḋ, agus dá gcráḋ; 38 Dream nár ḃfiu an sáoġal: ag dul amúġa a ḃfásuiġiḃ, agus a sléiḃṫiḃ, agus a dtuiniġṫiḃ agus a núaṁuiḃ talṁan. 39 Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ so uile, ar na ndearḃaḋ tré ċreideaṁ, ni rugadar air an geallaṁuin: 40 Ar mbeiṫ do Ḋía ag soláṫar ḋuinne an neiṫe as féarr, ċum gan íadsan do ḃeiṫ iomlán ar ḃféugṁuisne. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society