Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Nahum 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Peacaḋ agus pionus Nineḃeh.

1 Aṁairg don ċaṫruiġ ḟuiltiġ! atá sí uile lán do ḃréagaiḃ agus do ṡladṁóireaċt; ní scuirionn an tinċreaċaḋ;

2 Torann scíursa, agus fúaim ṫormain na roṫaḋ, agus iomrúagaḋ na neaċ, agus na ccarbad ttuslógaċ.

3 Tógḃuiḋ an marcaċ súas aráon an cloiḋeaṁ loinnreaċ agus an gaṫ tonnaċ, agus atá iomad do ḋaóiniḃ marḃa, agus úiḃir ṁór ċorp; agus ní ḃfuil críoċ air a ttaisiġiḃ; tuislíġid air a ccorpuiḃ:

4 Do ḃríġ iomuid stríopaċuis na meirdriġ sciaṁuiġ, ṁaiġistréas na bpiséog, reacus cineaḋaċa tre na stríopaċasuiḃ, agus muinnteara tré na piséogaiḃ.

5 Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus léigfiḋ mé do sciortaḋa leis as coinne haiġṫe, agus táisbeanfa mé do ṫruáilleaḋ do na críoċaiḃ, agus do náire do na rioġaċtaiḃ.

6 Agus teilgfiḋ mé salċar aḋḟuaṫṁar ort, agus do ḋéana mé beagluáiġ ṫú, agus suiḋeoċa mé ṫú aṁuil baldluṫḟeaċuin.

7 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, an ṁéid ḟéuċfas oit go tteiṫfid síad roṁad, agus go naibeoruid, Do leagaḋ Nineḃeh na fásaċ: cía ċaóinfios í? cía as a níarrfa misi coḃarṫuiġ ḋuit?

8 An féarr ṫusa ná Nó daoineaċ, noċ do suiġeaḋ a measg na sroṫann, agá raiḃ na huisceaḋa na timċioll fa ccuáirt, ar ḃí a nfairge a coṫuġaḋ, agus do ḃí a balla ón ḃfairge?

9 Buḋ í a neartsin a Netíopia agus a Négipt, agus do buḋ neaṁċuimseaċ sin; buḋ íad do ċoḃarṫaiġ Put agus Lubim.

10 Ṫairis so rugaḋ ar siuḃal í, do ċuáiḋ sí a mbraiġdionas: do rinneaḋ fós sligreaċ da cloinn óig a mullaċ na sráideann uile: agus do ṫeilgiodar cranċar air a daóiniḃ onóraċa, agus do ceanglaḋ a daoine móra uile a ngéiḃionuiḃ.

11 Biaiḋ tusa fós ar meisce: foileoċṫar ṫú, íarrfa tú mar an ccéadna neart do ḃríġ na náṁad.

12 Biáiḋ huile ḋaingneaċa láidre aṁuil crainn fíge leis na céidḟígiḃ abuiḋ: má croiṫṫear íad, tuitid síad eaḋon a mbéul an té iṫeas.

13 Féuċ, is mná do ḋaóine ann do lár: oisceoltar súas geataḋa do ṫíre dod naiṁdiḃ: sluigfiḋ an teine do ḃarraḋa.

14 Tarruing na huisceaḋa ċum an ċampa, neartuiġ do ḋaingne láidre: éiriġ annsa ċriáiḋ, agus saltair an mortéul, déana áit mbriceaḋ láidir.

15 Annsin sluigfiḋ an teine ṫú; géarrfuiḋ an cloiḋeaṁ amaċ ṫú, íosuiḋ sé súas ṫú mar an ṗéist ċancair: déana ḋuit féin mórán mar an ṗéist ċancair, déana ḋuit mórán mar na lócustaiḃ.

16 Dfoirlion tú do ċannuiġṫe ós cionn réaltann neiṁe: milliḋ an ṗéist ċancair, agus teiṫiġ sí roimpe.

17 Atáid do ċoróntaiġ mar na lócuiste, agus do ċaiptiniġe mar na dreóllánuiḃ teasḃuiḋ móra, noċ ċoṁnuiġios annsna faltáiḃ annsa lá ḟúar; aċt an tan éirġios an ġrían teiṫid síad rompa, agus ní haiṫniġṫear a naít a mbíd.

18 Néullfartaiġid háoḋaireaḋa, a ríġ na Hassíria: béid húaisle na ttoċd: do scabaḋ do ḋaóine air na sléiḃtiḃ, agus ní ċruinniġionn duine ar bioṫ íad.

19 Ní ḃfuil leiġios ar do lot; is niṁneaċ do ċneaḋ: buáilfiḋ gaċ uile ḋuine ċluinfios do ṫásg a mbasa ós do ċionn: óir cía air nar ṡiuḃuil holc do ġnáṫ?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ