Leḃiticus 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil 22 Cúil na neiṫeann sin íobarṫar do Ḋía. 1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ, 2 Laḃair ré Haáron agus ré na ṁacaiḃ, íad féin do ṡeaċna ar neiṫiḃ náoṁṫa ċloinne Israel, agus gan mainm náoṁṫasa do ṫruáilleaḋ ann sna neiṫiḃ náoṁṫoċuid ḋaṁ: misi ann TIĠEARNA. 3 Abair ríu, Gioḋ bé ar biṫ dá ḃur síol uile a measc ḃur ngeinealaċ, raċus ċum na neiṫe náoṁṫa, noċ náoṁuid clann Israel don TIĠEARNA, ar mbeiṫ a neaṁġloine air, geárrfuiġear an tanum sin a maċ as mo raḋarcsa: is mísi an TIĠEARNA. 4 Gioḋ bé ar biṫ duine do ṡlioċd Aáron ḃias na loḃar, nó ar a mbía créaċd ṡilteaċ; ní íósfuiḋ sé do na neiṫiḃ náoṁṫa nó go raiḃ sé glan. Agus gioḋ bé ar biṫ ḃeanas re héinni neaṁġlan ó ṁarḃ, nó ó ḋuine a nimṫiġionn a ṡíol uaḋ; 5 Nó gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ré héinni snáiḋṫeaċ, lé ndéantar neaṁġlan é, nó ré duine ó ḃfuiġeaḋ salċar, gioḋ bé ar biṫ salċar, ḃías air; 6 An tanum a ḃeanas re heinni don tsórt sin biáiḋ salaċ go nóin, agus ní iósuiḋ do na neiṫiḃ náoṁṫa, aċd muna niġfiḋ a ċorp le huisce. 7 Agus a núair raċas an ġrían faói, biaḋ sé glan, agus íosuiḋ na ḋiáiġ sin do na neiṫiḃ náoṁṫa; do ċionn gur bí sin a ḃeaṫa. 8 An ní do ġeiḃ bás uáḋ féin, nó réubṫar lé beaṫaċuiḃ, ní íosuid da salċa féin leis: is misi an TIĠEARNA. 9 Coiṁéudfuid uime sin mordúġaḋ, deagla go mbíaḋ na ṗéacaḋ ḋóiḋ, agus go ḃfaiġdís bas ṫríd, dá dtruáilldís é: misi an TIĠEARNA náoṁas íad. 10 Ní íosuiḋ éanċoiṁiḋeaċ don ní náoṁṫa: fear éanuáire don tsagart, nó serḃiseaċ túarusdail, ní íosuiḋ don ní náoṁṫa. 11 Aċd má ċeannċann an sagart éanduine lé na ċuid airgid, íosuiḋ sé ḋe, agus an té rugaḋ iona ṫiġ: iosuíḋ siad ḋá ḃiaḋ. 12 Má ṗóstar inġean an tsagairt mar an gcéadna le coiṁiḋeaċ, ní ḟéadann sí iṫe dofráil na neiṫeann náoṁṫa. 13 Aċd má ḃíonn inġean an tsagairt na baíntreaḃuiġ, nó dealuiġe, nó naċ bía clan aice, agus go ḃfillfiḋ sí go tíġ a haṫar, do nós a haoise óige, íosuiḋ sí do ḃíaḋ a haṫar: aċd ní íosfuiḋ éancoiṁiḋeaċ ḋe. 14 ¶ Agus má iṫionn duine don ni náoṁṫa gan ḟios ḋe, annsin cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid de na ċionn, agus do ḃéura don tsagart é, maille ris an ní náoṁṫa. 15 Agus ní ṫruáillfid neiṫe náoṁṫa ċloinne Israel, noċ ofráluid don TIĠEARNA; 16 Ní mó ḟuileonguiḋ úalaċ a bpeacaiḋ orra fa ṡaruġaḋ, a nuáir íosuid na neiṫe náoṁṫa: óir is misi an TIĠEARNA náoṁas íad. 17 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ, 18 Laḃir re Haáron, agus ré, na ṁacuiḃ, agus ré cloinn Israel uile, agus abair ríu, Gioḋ bé ar biṫ é do ċloinn Israel, nó do na coiṁiḋṫiḃ a Nisrael, ofráilfios íoḋbuirt ar son a ṁóideann uile, agus ar son a ofrálaċ toileaṁla uile, noċ ofráilfid don TIĠEARNA mar ofráil loiscṫe; 19 Ofrailfiḋe dá ḃur ttoil féin firionnaċ gan toiḃéim, do na buáiḃ, nó do na caórċuiḃ, nó do na gáḃruiḃ. 20 Aċd gioḋ bé ar biṫ ar a ḃfuil toiḃéim, ní ofrálfuiḋe sin: óir ní géaḃṫar ar ḃur son é. 21 Agus gioḋ bé ar biṫ ofrálas ofráil íoḋbarṫa ṡíoṫċána don TIĠEARNA do ċoṁall a ṁóide, no ofrail áontaḋaċ do ḃuáiḃ no do ċaorċuiḃ, bíaiḋ iomlan ré na ġlacaḋ; ní ḃía toiḃéim ar biṫ air. 22 Doille, nó briseaḋ, nó ciorrḃaḋ, no air a mbía sineaċ, nó claiṁ, nó gearba, ní offráiliḋ íadso don TIĠEARNA, agus ní ḋéantáoi ofráil lé téiniḋ ḋíoḃ don TIĠEARNA ar a naltóir. 23 Aċd bulóg nó úan áir a mbía iomarcaiḋ, nó easḃuiġ ar a ḃalluiḃ, féaduiġ tú sin díoḋbuirt mar ofráil ṫoilteanuiġ: aċd ní ġéuḃṫar é ar son móide. 24 Ni ofrálfuiḋé don TIĠEARNA an ni ḃías brúite, nó coṁbrúite, nó briste, nó geárrṫa; ní mó ḋéana siḃ ofráil ar biṫ ḋe ion ḃur ḃfearann. 25 Ní mó ofráilfiḋe bíaḋ ḃur Dé as láiṁ ċoiṁiġṫiġ déainní ḋíoḃso; do ċionn ḃfuil a morgaḋ féin ionta, agus go ḃfuilid ainṁe orra: ní ġéuḃṫar ar ḃur son íad. 26 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ġá ráḋ. 27 A nuáir do ḃéurṫar bulog, nó cáora, nó gaḃar, ann sin biáiḋ seaċd lá faói na maṫair; agus ó noċdṁaḋ lá agus uaḋ sin amaċ géuḃṫar é mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA. 28 Agus mas do ḃoin nó do ċaoiriġ ḃías sí, ni ṁuirfe tú í féin agus a hóg maraon a néanló. 29 ¶ Agus a nuáir ofráilfiḋ íoḋbuirt ḃuiḋeaċuis don TIĠEARNA, ofrailfiḋ da ḃur ttoil féin í. 30 Iósfuiġear súas án lá sin féin í; ní ḟúigfiḋe éinní ḋi go maidin: misi an TIĠEARNA. 31 Uime sin coiṁéadfuiḋe maiṫeanta, agus do ḋéantaoi íad: misi an TIĠEARNA. 32 Ní mó ṫruáillfiḋe mainm náoṁṫa; aċd biaiḋ mé ar mo naoṁaḋ a measc ċloinne Isráel: misi an TIĠEARNA náoṁas siḃ, 33 Ṫug a máċ as críċ na Hégipte siḃ, dom ḃeiṫ ḃru Ndía: misi an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society