Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Leḃiticus 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 2 Dliġe na saór-ofrala bíḋ.

1 Agus a nuair ofrálus éainnéaċ ofráil bíḋ don TIĠEARNA, bioḋ a ioḋbuirt do ṗlúr ṁín; agus dóirtfiḋ ola air, agus cuirfiḋ túis air sin.

2 Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:

3 Agus fuiġioll na hofrála bíḋ buḋ lé Hááron agus le na ṁaċaiḃ é: is ní ronáoṁṫa dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta le teniḋ é.

4 ¶ Agus má ḃeir tú leaċd ofráil dioḋbuirt bíḋ ar na ḃácáil a mbácús, buḋ cáca gan laiḃin do ṗlúr ṁín é, ar na ċumasc le hola, nó aḃlanna gan laiḃín ar na nungaḋ lé hola.

5 ¶ Agus ma ḃionn hofrail na hofrail bíḋ ḃruiṫe a noiġeann, bía do ṗlúr mín gan laiḃín, cumascṫé le hola.

6 Roinnfiḋ tú na ċodċuiḃ é, agus dóirtfe tu ola air is ofráil bíḋ é.

7 ¶ Agus má ḃionn hioḋbuirt na hofráil ḃiḋ annsa oiġeann friala, do ḋéantar í do ṗlúr mín le hola.

8 Agus do ḃéara tú an íoḋbuirt ḃíḋ do ḋéantar do na neiṫiḃsi ċum an TIĠEARNA: agus a nuair ṫaisbeantar don tsagart é, do ḃéura ċum na haltora é.

9 Agus toigeoḃuiḋ an sagart as a ofrail biḋ cuiṁne uirre, agus loiscfiḋ sé ar an altóir é: is ofráil sin déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA.

10 ¶ Agus an ní ḟúigfíġear don ofráil biḋ buḋ le Haáron agus le na ċloinn é: is ní ro naoṁṫa é dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta lé teniḋ.

11 Aon ofráil ḃiḋ, noċ do ḃeurṫaoi ċum an TIĠEARNA, ní ḋéantar lé laiḃín: oír ní loiscfiḋe laiḃín ar biṫ, nó mil, a néanofráil don TIĠEARNA déanta lé teiniḋ.

12 Ar son ofrála na gcéadṫórṫa, ofráilfiḋe don TIĠEARNA iad: aċd ní loiscfiġear ar an altoír íad mar ḃolaḋ ċuṁra.

13 ¶ Agus a nuile ofráil dod ṫaḃartas bíḋ leiseoċa tú lé sálann; ní mó ḟuileongas tú salann cunarṫa do Ḋé ḃeiṫ deasḃuḋ ar hofráil bíḋ: ofrálfa tú salann lé do uile ioḋbuirt.

14 ¶ Agus má ofrálann tú ofráil bíḋ do na ceadṫórṫuiḋ don TIĠEARNA, ofráilfe tú mar ofráil bíḋ dod ċéadṫorṫuiḃ do ḋéusuiḃ glasa arḃa ár ná ttiormuġaḋ leis an tteniḋ, arḃar buailte as déusuiḃ iomlána.

15 Agus cuirfe tú ola air, agus leagfa tú túis áir: is ofrail biḋ é.

16 Agus loiscfiḋ an sagart a ċuiṁne sin, cuid dá ġrán ḃuailte, agus cuid dá ola, gun a ṫúis uile: is ofráil déanta lé teniḋ é don TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ