Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Leḃiticus 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 18 Céimeaḋ na ngáol-fogus, do ḃacfas pósaḋ. 19 Na mianġusa míċneasda.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, dá ráḋ,

2 Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

3 Ní ḋéantáoi do réir gníoṁarṫa ċriċe na Hégipte, mar ar áitiġeaḃair: agus do réir oibreaċ ṫíre Cánaain, iona ḃfuilim ḋá ḃur ttaḃairt, ní ḋéantáoisi: ní mó imeoċṫáoi lé na nórduiġṫiḃ.

4 Do ḋéantáoi mó ḃreiṫeaṁnuisi agus coiṁéadfuiḋe morduiġṫe, ag síuḃal ionta: is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

5 Coiṁéadfuiḋe ar a naḋḃarsin mo statúidiġ, agus mo ḃreiṫeaṁnuis: noċ má ní duine, mairfiḋ sé ionnta: misi an TIĠEARNA.

6 ¶ Ní ṫiucfa éanduine aguiḃ a ngar áoin dá mbía ngáol ḟogus dáoiḃ, ċum a ttárnoċd dfoillsiuġaḋ: mísi an TIĠEARNA.

7 Tarrnoċd haṫar, nó tárrnoċd do ṁaṫar, ní léigfe tú leis: is í do ṁaṫair í; ní léigfe tú a tárrnoċd leis.

8 Ní léigfe tú tárrnoċd ṁná háṫar leis: is í sin tárrnoċd haṫar.

9 Tárrnoċd do ḋeirḃṡeaṫraċ, inġean haṫar, nó inġean do ṁaṫar, más annsa tiġ béarṫar í, nó a muiġ, ní léigfe tusa ċeana a ttárrnoċd ris.

10 Tárrnoċd inġine do ṁic, nó inġine hinġine, a ttárrnoċd sin umurro ní léigfe tú ris: oir is í do ṫárrnoċdsa a ttárrnoċdsan.

11 Tárrnoċd inġine ṁná haṫar, do gineaḋ ód aṫair, is í do deirḃṡíur í, ní léigfe tu leis a tárrnoċd.

12 Ní léigfe tú tárrnoċd ḋeirḃṡeaṫ raċ haṫar ris: is í bean ḟogus ġáoil haṫar.

13 Ní léigfe tú náire ḋeirḃṡeaṫraċ do ṁaṫair leis: óir is í bean ḟogus ġáoil do ṁaṫar í.

14 Ní léigfe tú tárrnoċd ḋearḃráṫar haṫar leis, ní raċa tú a ngar a ṁná: óir is í bean dearḃráṫar haṫar í.

15 Ní léigfe tú tárrnoċd do ḃainċleaṁna leis: is í bean do ṁic í; ní leigfe tú a tárrnoċd leis.

16 Ní léigfe tú tárrnoċd ṁná do ḋearḃraṫar leis: is í sin tárrnoċd do ḋéarḃraṫar.

17 Ní léigfe tú tárrnoċd mna agus a hinġine leis, agus ní ṫiuḃra tú inġean a mic, nó inġean a hinġine, ċum a ttárnoċd dfoílsíuġaḋ; óir is íad a mná foigse gáoil sin íad, is coir é.

18 Ni mó ḃéurus tú bean a gcionn a deirḃṡeaṫar, dá buáireaḋ, ċum a tárrnoċd dfoilsiuġaḋ, táoḃ a muiġ don ṁnáoi eile, ar feaḋ a beaṫa.

19 Mar an gcéadna ní raċa tú a ngar ṁná do ċoiṁríaċduin ría, an feaḋ ḃías ar na cur ar leiṫ ar son a neaṁġloinne.

20 Tuilleaṁ eile, ní luiġfe tú go colluiḋe lé mnáoi do ċoṁarsan, dot ṫruáilleaḋ féin lé.

21 Agus ní léigfe tú déanduine dot ṡlioċd dul ṫríd an teiniḋ go Móleċ, ní mó ḋísbeagfas tú ainm don Ḋé: misi an TIĠEARNA.

22 Ní luiġfe tú le cinéul fearḋa, mar an gcinéul mbanda: is gráineaṁlaċd é.

23 Ní mó luiġfeas tú le beaṫtaċ ar biṫ dot ṫruáilleaḋ féin leó: ni mó ḟanfas bean ag beaṫaċ ar biṫ do luiḋe lé: ís damnaḋ é.

24 Ná truáilliḋ siḃ féin a neinní do na neiṫiḃsi óir is ionta so uile do truáilleaḋ ná dáoine do ṫeilg mé amaċ roṁuiḃ.

25 Agus ata an talaṁ truáilliḋṫe: uime sin agruimsi a ċoir féin air, agus atá an talaṁ féin a sceiṫ a ḋúṫċusuiḋ ḋe.

26 Coiṁeódtáoi ar a naḋḃarsin mo statúidiġ agus mó ḃreiṫeaṁnuis, agus ní ḋéantáoi éinní do an néiṫiḃ graineamlasa; ceaċtar duine dá ḃur ttír féin, nó an coiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measc:

27 (Oír do rinneadar muinntir na tíre an ġráineaṁlaċdsa uile, noċ do ḃí roṁuiḃsi, agus atá an talaṁ truáilliġṫe;)

28 Cor naċ sceiṫfiḋ an talaṁ siḃsi amaċ mar an gcéadna, a nuair ṫruiaillfiḋ siḃ é, mar do sceiṫ na cineaḋaċa do ḃí roṁuiḃ ann.

29 Oír giḋ bé ar biṫ ḋéanas éainní do naḋúaṫṁuireaċdso, eaḋon na hanmanna do ní íad gearrfuiġear amaċ ó na muinntir íad.

30 Ar a naḋḃarsin coiṁéadfuiḋe morduiġese, cor naċ déantáoi éainní do na gnáṫuiġṫiḃ gráineaṁlasa, do rinneaḋ roṁuiḃ, agus naċ dtruáillṫí siḃ féin ionta: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ