Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Leḃiticus 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil 13 Reaċd, agus coṁṫarḋa ṗláġa na lúḃra, ann a nduine. 47 Agus a neúdaċ.

1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus re Háaron, ḋá ráḋ,

2 A nuáir ḃías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a ḟéola, agus go mbía a gcroiceann a ḟéola, aṁuil pláġa luḃra; bearṫar an sin ċum Aáron an sagart é, nó go mac ḋá ṁacaiḃ, ḃías na ṡagairt:

3 Agus féaċfuiḋ an sagart ar an loit a gcroicionn a ḟéola: agus má iompóiġeann na fionnaḋ ban annsa loit, agus go mbía an loit nios doiṁne re a faicsin ná croiceann a ḟéola, is loit luḃra sin: agus féaċfuiḋ an sagart air, agus fúaigéoruiḋ a ḃeiṫ neaṁġlan.

4 Dá ḃionn an léus bán a ccroiceann a ḟéola, agus ré faicsin naċ bía ní is doiṁne ná an croicionn, agus náċ ionntoċuiḋ a ḟionnaḋ bán; ann sin íaḋuiḋ an sagart ar an té ar a mbía an loit seaċd lá:

5 Agus féuċfuiḋ an sagart air an seaċdṁaḋ lá: agus, féuċ, ma ḃí an loit an aṁarcsan ag fuireaċ, agus naċ leiṫneoċuiḋ annsa ċroícionn; annsin druidfiḋ an sagart air seaċd lá eile:

6 Agus féuċfuiḋ an sagairt air a rís an seaċdṁaḋ lá: agus, féuċ, má ḃíonn an loit réad éigin dorċa, agus naċ leiṫneoċuiḋ an loit annsa ċroicionn, ann sin fuáigeoruiḋ an sagart a ḃeiṫ glan: ní ḃfuil ann aċd léus: nifiḋ sé a éadaċ, agus biáiḋ glan.

7 Aċd má leaṫnuiġeann an léus a maċ go mór annsa ċroicionn, tar éis a faicsiona don tsagart ar son a ġlanta, féuċfuiḋ an sagart air a rís:

8 Agus má ċí an sagart sin, féuċ, go leiṫneoċuiḋ an léus ansa ċroicionn, annsin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: is lúḃra í.

9 ¶ A nuáir ḃías loit na lúḃra a nduine, ann sin béarṫar ċum an tsagairt é;

10 Agus féuċfuiḋ an sagart aír: agus, féuċ, má ḃíonn an tat bán annsa ċroicionn, agus go diontoċuiḋ sé an fionnaḋ bán, agus go mbiá feóil ḃéo ḋearg annsa nat;

11 Is seanlúḃra sin a gcroicionn a ḟéola, agus fuáigéoruíḋ an sagart neaṁġlan é, agus ní ċuirfiḋ a steaċ é: óir atá neaṁġlan.

12 Agus má ḃrisíonn an lúḃra a maċ ar fud an ċroicinn, agus go ḃfoileoċuiḋ an lúḃra an croicionn uile an té ar a mbía an loit óna ċionn go nuige a ċosa, ann gaċ áonḃall a ḃféuċfuiḋ an sagart;

13 Ann sin measfuiḋ an sagart: agus, féuċ, má dfoluiġ an lúḃra a ċorp uile, fuáigeoruiḋ sé glan an té ar a mbía an lúḃra: do hionntóiḋ sé uile bán: atá se glan.

14 Aċd a nuáir ḟásas feóil dearg ann, biáiḋ sé salaċ.

15 Agus féuċfuiḋ an sagart ar an ḃfeóil ḋeirg, agus fuáigéoruiḋ é do ḃeiṫ neaṁġlan: óir atá a nféóil déarg neaṁġlan: is lúḃra í.

16 No má ionntóiġeann a nfeóil dearg a rís, agus go ttiucfa ċum ḃeiṫ bán, tiucfa sé ċum an tsagairt;

17 Agus féuċfuiḋ an ságart air: agus féuċ, má ionntóiġeann an loit ar ḃeiṫ bán; an sin fuáigeoruiḋ an sagart glan an té ar a mbía an loit: atá se glan.

18 ¶ A nfeóíl mar an gcéadna, noċ a raiḃ an neascóid iona croicionn, agus do leiġisioḋ.

19 Agus a náit na neascóide go mbía at bán, no ballscóid ṡiollseaċ, ḃán, agus gné ḋeirge ann, agus go ttaisbéantar don tsagart é;

20 Agus, a nuáir do ċífe an sagart é, féuċ, má ḃionn a ḟaicsin ní is ísle nó an croiceann, agus go diontoċuiḋ a ḟionnaḋ bán; foillseoċuíḋ an sagart neaṁġlan é: is loit lúḃra é ar na briseaḋ a maċ ó neascóid.

21 Aċd má féaċann an sagart air, agus féuċ, naċ bía fionnaḋ ar biṫ bán air, agus muna raiḃ ni is ísle nó an croiceann, aċd go mbía ní éigin dorċa air; annsin druidfiḋ an sagart air seáċd lá:

22 Agus má leiṫnuiġeann go mór a maċ annsa ċroicionn, ann sin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: is loit sin.

23 Aċd má ḟanann an ḃallscóid ṡoillseaċ na áit, agus gan leaṫnuġaḋ ḋó, is neascóid loiscneaċ í; agus fuáigeora an sagart glan é.

24 Nó má ḃionn feóil ar biṫ san ċroicionn, as a ttiucfa teas loiscneaċ, agus a nfeóil béo ḃías da loscaḋ go mbia guirín bán loinreaċ innte, ní éigin dearg, no bán;

25 Ann sin féuċfuiḋ an sagart air: agus féuċ, má aṫruiġeann an fionnaḋ ann sa ġuirín ṡoillseaċ bán, agus go mbía ré a ḟéaċuin ní is doiṁne nó an croicionn; is lúḃra í ar mbriseaḋ a maċ as an lassaḋ: uime sin fuáigéoruiḋ an sagart neaṁġlan é: a sé sin loit na lúḃraiḋ.

26 Aċd má féuċann an sagart air, agus féuċ, naċ bía fionnaḋ bán ar biṫ annsa nguirín ṡoillseaċ, agus naċ bí ní is ísle nó án croicionn eile, aċd go mbía ní éigin dórċa air; annsin druidfiḋ an sagart air go ceann ṡeaċd lá:

27 Agus féuċfuiḋ an sagart air an seaċdṁaḋ lá: agus má leaṫnuiġeann go mór annsa ċroicionn, an sin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: a sé sin loit na lúḃra.

28 Agus má ḟanann ann ḃallscóid ṡoillseaċ na áit féin, agus gan leaṫnuġaḋ fa ċroicionn, aċd go mbi ní éigin dorċa; is at lasta é, agus fuáigeoruiḋ an sagart glan é: óir is ainteas lasta é.

29 ¶ Má ḃíon an loit ar ḟear nó ar ṁnáoi iona gceann nó san ḃfeasóig;

30 Annsin féuċfuiḋ an sagart an loit: agus féuċ, má ċí ní is isle nó an croicionn é; agus go mbí fionnaḋ tana buiḋe innte; annsin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: is carruíḋe ṫirim í, eaḋon luḃra ar an gcionn nó ar an ḃféusóig.

31 Agus má ḟéuċann an sagart ar an loit carruiġ, agus féuċ, muna raiḃ nís doíṁne annsa ċroicionn, agus naċ bía grúag ḋuḃ ar biṫ innte; annsin iaḋaḋ an sagart ar an té ar a mbía an ṗláiġ ċarruiḋe seaċd lá:

32 Agus an seaċṁaḋ lá féuċfuiḋ an sagart ar an loit: agus feuċ, muna leaṫnuiġiḋ an ċarruiḋe, agus naċ bíaiḋ grúag ḃuiḋe ann, agus naċ bía an carruiḋe a raḋarc nís isle nó an croicionn;

33 Bearrfuiġear é, aċd ní ḃéarrfa sé an ċarruiḋe; agus druidfiḋ an sagart ar an tí air a mbí an ċarruiḋe seaċd lá eile:

34 Agus an seaċṁaḋ lá féuċfuiḋ an sagart ar an gcarruiḋé: agus féuċ, muna leaṫnuiġiḋ an ċarruiḋe an sa ċroicionn, nó a ḃfaicsin nís doiṁne nó an croicionn; annsin foillseoċuiḋ an sagart glan é: agus niġfiḋ a éadaċ, agus bíaiḋ glan.

35 Aċd má leaṫnuiġeann an ċarruiḋe go mór ansa ċroicionn tair éis a ġlanta;

36 Annsin féuċfuiḋ an sagart air: agus féuċ, má leaṫnuigeann an ċarruiḋe annsa ċroicionn, ná híarraḋ an sagart gruág ḃuiḋe; atá sé neaṁġlan.

37 Aċd má ḃíonn an ċarruiḋe re ḟéaċuinn coṁnuiḋṫeaċ, agus go bfásfuiḋ grúag ḋuḃ súas innte; atá an ċarruiḋe slán, atá sé glan: agus fuágeoruiḋ an sagart glan é.

38 ¶ Má ḃíonn ar ḟior nó ar ṁnáoi mar an gcéadna builgléasaċ ṡoillseaċ a gcroicionn a ḃfeóla, eaḋon builgléasaċ bán soillseaċ;

39 Annsin féuċfuiḋ an sagart: agus féuċ, má ḃíonn an ḃuilgléusaċ a gcroicionn a ḃfeóla bán dorċa; bánléusa teasḃuiḋ íad ḟasas annsa ċroicionn; atá sé glan.

40 Agus an duine a ttuíteann a ġrúag dá ċeann, bí sé máol; giḋeaḋ atá sé glan.

41 Agus an té a ttuiteann a ġrúag dá ċean leaṫ ré na aġaiḋ, atá sé máoiléadanaċ: giḋeaḋ atá sé glan.

42 Agus má ḃíonn iona ċeann máol, nó iona mbáoiléadan, créaċd bán dearg; is lúḃra sin do ḟás súas iona ċionn máol, no iona ṁáoiléadan.

43 Annsin féuċfuiḋ an sagart air: agus féuċ, má ḃíonn at an ċréaċda bán déarg iona ṁáoilċionn, nó iona ṁáoiléadan, mar ṫaisbeanus an lúḃra a gcroicionn ná feóla;

44 Is fear luḃair é, atá sé neaṁġlan: foillseoċuiḋ an sagart ṫrid amaċ neaṁġlan é; atá loit iona ċeann.

45 Agus an luḃar iona mbía an loit, brisfíġear éadaċ, agus biáiḋ á ċeann noċduiḋ, agus cuirfiḋ folaċ ar a ṗuisín úaċdaraċ, agus fuaígeoruiḋ, Neáṁġlan, neaṁġlan.

46 Na huile láeṫe a mbía an loit ann, biáíḋ sé salaċ; atá sé neaṁġlan: coṁnoċuiḋ ná aonar; táoḃ a muiċ don ċampa ḃías áitreaḃ.

47 An téadaċ mar an gcéadna iona mbía loit na lúḃra, más éadaċ olla é, nó éadaċ lín;

48 Mas a ndlúṫ, nó a ninneaċ ḃías; do líon, nó doluinn; más a gcroicionn, nó a ní ar biṫ do níṫear do ċroicionn;

49 Agus go mbía an loit uáine nó dearg ansa néadaċ, nó annsa ċroicionn, annsa dlúṫ, nó annsa ninneaċ, nó a neinní do ċroicionn; is loit lúḃra é, agus foillseoċṫar don tsagart é:

50 Agus féuċfuiḋ an sagart ar a loit, agus druitfiḋ ar an ní a mbía an loit seaċd lá:

51 Agus féuċfuiḋ ar an loit an seaċdṁaḋ lá: má leaṫnuiġeann an loit sa néadaċ, san dlúṫ, nó sa ninneaċ, nó a ccroicionn, nó a nobair ar biṫ do níṫear do ċroicionn; is lúḃra ċrínteaċ an loit; atá sé neaṁġlan.

52 Loiscfiḋ sé an téadaċ sin uime sin, más dlúṫ nó inneaċ é, a noluinn nó a linéadaċ, nó a néainní do ċroicionn iona mbía an loit: óir is lúḃra crínteaċ é; loiscfíġear a tteiniḋ é.

53 Agus má ḟéuċann an sagart, agus féuċ, muna leaṫnuiġiḋ an plaġ annsa néadaċ, annsa dlúṫ, no annsa ninneaċ, nó a néainní don ċroíceann;

54 Annsin fuáigeoruiḋ an sagart an ní ar a ḃfuil an loit do niġe agus cuirfiḋ fá íaḋaḋ é seaċd lá eile:

55 Agus féuċfuiḋ an sagart ar an loit, a ndiáiġ a niġṫe: agus féuċ, munar áṫruiġ an loit a daṫ, agus nar leaṫnuiġ an loit; atá sé neaṁġlan; loiscfiḋ tú annsa teiniḋ é; atá sé cnaiḋteaċ táoḃ a stiġ, más lom a stiġ nó a muiġ é.

56 Agus má ḟéuċann an sagart, agus féuċ, go mbía an loit ní eigin dorċa tar éis a niġṫe; annsin brisfiḋ sé amaċ as a néadaċ é, no amaċ as an gcroicionn, nó as a ndlúṫ, nó as a ninneaċ:

57 Agus má ṫaisbeanann sé fós annsa néadaċ, nó annsa dlúṫ, nó annsa ninneaċ, nó a néainni do ċroicionn; is loit leaṫnuiġṫe é: loisgfíḋ tú an ni sin iona mbía an loit le teiniḋ.

58 Agus an téadaċ, más dlúṫ nó inneaċ, nó giḋ bé ar bíṫ ní do ċroicionn da mbía, noċ niġfeas tú, má ḟágḃann an loit íad, annsin niġfiġear an dara huáir íad, agus biáiḋ glan.

59 Is é so dliġiḋ loite na lúḃra a néadaċ olla nó lín, annsa dlúṫ, nó annsa ninneaċ, no a néainní do ċroicniḃ, dá ḟúagra glan, nó dá ḟúagra neaṁġlan.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ