Leḃiticus 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil 12 Glanta na mban tar eís tuismeaḋ. 1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ḋá ráḋ, 2 Laḃair ré cloinn Israel, ga ráḋ, Má ġaḃ bean síol, agus go mbéara mac: ann sin biáiḋ sí neaṁġlan seaċd lá; do reír láéṫeaḋ dealuiġṫe a laige ria biáiḋ sí neaṁġlan. 3 Agus annsa noċṁaḋ lá timċillġearrfuiġear feóil a réaṁċroicinn. 4 Agus fanfa sí ann sin a ḃfuil a hannaicṫe trí lá agus trioċad; ní ḃeánfa sí re héainní naoṁṫa, agus ni ṫiucfa don tsanctóír, nó go ccoiṁlíontar láeṫe a hainnaicṫe. 5 Aċ mas leanḃ mná ḃéurus sí, biáiḋ sí neaṁġlan caoiciḋis, aṁuil iona dealuġaḋ: agus fanfuiḋ a ḃfuil a hannaicṫe sé lá agus trí fiṫċid. 6 Agus a nuáir ċoiṁlíontar láeṫe a glanta, ar son mic, nó inġine, do ḃéura sí úan don ċéidḃliaḋuin, agus colum óg no éun turtuir, mar ofráil ṗeacaiḋ, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, ċum an tsagairt. 7 Noċ ofráilfios é a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḋéana síṫ ar a sonsa; agus biáiḋ sí glan ó riṫ a fola. Sé so is dliġeaḋ do ṁnaói ḃéuras mac nó inġean. 8 Agus múna ḟéadfa sí úan do ṫaḃairt, ansin do ḃéara ḋá ṫurtuir, no ḋá ċolum óga; áon díoḃ mar ofráil loiscṫe, agus an dara mar ofráil ṗeacaiḋ: agus do ḋéana an sagart síṫ ar a son, agus biáiḋ sí glan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society