Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Leaḃar Rut 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Pósaḋ Rut ar na ċrioċnuġaḋ. 13 Do rugaḋ Obed lé, noċ do bá ṡeanaṫar do Ḋaiḃiḋ an rí.

1 An sin do ċúaiḋ Boas súas ċum an ġeata, agus do ṡuiġ sé síos annsin: agus, féaċ, ṫáinic an braṫair air ar laḃair Boas, re na ṫáoḃ; a duḃairt seision ris, Hó, ṫusa! gaḃ a leiṫ, suiġ síos ann so. Agus do ṫáinic seision, agus do ṡuiġ sé síos.

2 Agus do ġoir sé deiċ fir do ṡinnsearuiḃ na caiṫreaċ, agus a duḃairt, Suiġiḋ síos annso. Agus do ṡuiġeadar síos.

3 Agus a duḃairt seision ris an mbraṫair gáoil, Atá Naomi, noċ do ḟill a rís as ttír Ṁoab, ag reic fóidín dúiṫċe, bá lé ar mbraṫair Elimeleċ:

4 Agus do smúain misi a innsin duitsi, ġa ráḋ, Ceannuiġ é a laṫair na náitreaḃaċso, agus a laṫair ṡinsior mo ṗobuil. Má ḟúasglann tú é, fuasguil é: aċd muna ḃfúasgla tú é, annsin innis daṁsa, go mbía a ḟios agum: óir ní ḃfuil éanduine ré a ḟuasglaḋ aċd tusa; agus atáimsi ad ḋíaiġ. Agus a duḃairt seision, Fuaisgeola misi é.

5 Ann sin a duḃairt Boas, Giḋ bé lá ċeinneoċus tú an fearann as láiṁ Noami, caiṫfiḋ tú mar an gcéadna a ċeannaċ o Rút an Moabiteaċ, bean an ṁairḃ, do ṫógḃáil anma an ṁairḃ súas ar a oíġreaċd.

6 ¶ Agus a duḃairt an braṫaír, Ni ḟéaduimsi a ḟúasglaḋ ḋaṁ féin, deagla go millfinn moiġreaċd féin: fuásguilsi mo ċeartsa ḋuit féin; óir ní féaduimsi a ḟúasglaḋ.

7 Anois ba é so fa ġnáṫ san tseanaimsir ann Israel a ttáoḃ ḟúasgalta agus a ttáoḃ malairte, do ḋaingniuġaḋ a nuile neiṫe; do ḃeanaḋ duine a ḃróg ḋe, agus do ḃeireaḋ dá ċoṁarsuinn í; agus bá fíaḋnuísi so ann Israel.

8 Uime sin a duḃairt an fear gáoil re Boas, Ceannuiġ ḋuit feín é. Már sin do ṫarruing sé a ḃróg ḋe.

9 ¶ Agus a duḃairt Boas ris na sinnsearuiḃ, agus ris an bpobal uile, As fiaḋnuisi siḃsi a niuġ, gur ċeannuiġ misi a nuile ní ba le Elimeleċ, agus an ṁéid ba lé Ċílion agus le Mahlon, as láiṁ Naomi.

10 Mar an gcéadna do ċeannuiġ mé Rút an Moabiteaċ, bean Ṁahlon mar ṁnáoi ḋaṁ feín, do ṫógḃáil anma an ṁaírḃ súas iona oiġreaċd, ionnus naċ gearrfuiḋe ainm an ṁairḃ amaċ ó na ḋearḃraiṫriḃ, agus ó ġeata a ionaid: is fiaġnuise siḃsi san ló a niuġ.

11 Agus a duḃradar, a raiḃ do ḋaóiniḃ annsa ġeata, agus na seanóiriġ, Is fiaḋnuisi. Go ndéarna an TIĠEARNA an bean ṫáinic dot ṫiġ cosṁuil re Ráċel agus re Leah, noċ is iad an días sin do ċuir súas tiġ Israel: agus déanasa go mórḋa ann Eṗrátah, agus bí oirḋeirc a Mbetlehem.

12 Agus bíoḋ do ṫiġ aṁuil tiġ Ṗáres, (noċ rug Támar do Iudah), don tslioċd do ḃéara an TIĠEARNA ḋuit ón ṁnáoi oígsi.

13 ¶ Marsin ṫug Boas Rút, agus do ḃi ná mnáoi aige, agus a núair do ḃí sé aice, ṫug an TIĠEARNA toirrċios di, agus rug sí mac.

14 Agus a duḃradar na mná ré Naomi, go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, naċ ar ḟág ṫusa a niuġ, gan ḃraṫair gáoil, ċor go mbía a ainm oirḋeirc a Nisrael.

15 Agus biáiḋ sé na ḟear aisig ar do ṡáoġal, agus na altruinn dot aóis ḟoirfe: óir si do inġean‐ċliaṁuin do rug é, noċ do ġráḋuiġ ṫusa, noċ is fearr ḋuitsi ná móirṡeisior mac.

16 Agus do ġlac Naomi an leanaṁ, agus do ċuir ann a brollaċ é, agus do ḃí sí na banaltruinn aige.

17 Agus tugadar na mná a coṁarsanna ainm air, ga ráḋ, Rugaḋ mac do Naomi, agus tugadar Obed dainm air: sé sin aṫair Iesse aṫair Ḋáiḃi.

18 ¶ Anois is íad so Ginealuiġ Ṗares: do ġin Ṗares Hesron,

19 Agus do ġin Hesron Ram, agus do ġin Ram Aminadab,

20 Agus do ġin Aminadab Naason, agus do ġin Naason Salmon,

21 Agus do ġin Salmon Boas, agus do ġin Boas Obed,

22 Agus do ġin Obed Iesse, agus do ġin Iesse Dáiḃi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ